Seomra gléasta fíorúil

Idir nua agus shean, is féidir píosaí seodra de gach cineál a cheannach ar líne sa lá inniu.

Ní furasta i gcónaí áfach a bheith cinnte de go n-oirfidh an táirge ar an scáileán don chulaith, don ócáid nó don chorp san fhíorshaol.

Chuige sin, tá aip nua cruthaithe ag seodóirí GRANI, atá lonnaithe i Moscó na Rúise, a ligeann duit a gcuid táirgí tarraingteacha a chur ort i seomra gléasta fíorúil.

Is é an aidhm atá ag an aip, ar a dtugtar Grani Jewelry, ná siopadóireacht ar líne a éascú, mar aon le beart dearfach a dhéanamh ar son na timpeallachta.

“Is féidir seodra a chur ort anois gan teacht chomh fada leis an siopa,” a deir urlabhraí GRANI, “rud a chiallaíonn nach mbeidh turais chairr i gceist, ná astúcháin charbóin ar bith a bhaineann leo.”

“Tá sábháil le déanamh maidir le soláthar leictreachais an tsiopa freisin.”

Tagann an uirlis shiopadóireachta nua le cur chuige glas GRANI.

Tá na fáinní, na bráisléid, na muincí agus gach ní atá ar díol ag GRANI déanta as ábhar ath-chursáilte amháin.

“Is féidir leis an mhianadóireacht a dhéantar ar mhiotal lómhar dochar a dhéanamh don timpeallacht – sin an fáth a mbaineann muid úsáid as miotal athchúrsáilte agus clocha nádúrtha agus pacáistiú nádúrtha amháin.”

Ní amháin galánta, ach glas!

Cuardaigh ‘Grani Jewelry’ ar Google Play nó iTunes.

SCÉALTA EILE