Cad a thugann tú faoi deara faoin uaireadóir sin thuas?
Sea, tá sé agat, níl ach lámh amháin aige.
Ní hé go ndearna déantóirí an uaireadóra dearmad ar na snáthaidí eile ach d’fhág siad amach d’aon turas iad.
Cén fáth?
Bhuel is é an coincheap taobh thiar d’uaireadóirí slow as an Eilvéis ná saol eile a chothú ina mbaineann muid sult as an mhóimint reatha in ionad bheith ag rith gan stad le súil amháin ar an chlog i gcónaí.
“De bharr an tsaoil ghnóthaigh ina bhfuil muid beo, is minic a dhéantar dearmad go bhfuil rogha againn ar conas a chaitheann muid an lá, an tseachtain, an mhí, an bhliain,” arsa muintir slow.
“Cuireann ár n-uaireadóirí i gcuimhne duit gur rud luachmhar é an t-am, gur chóir taitneamh a bhaint as agus nár cheart bheith ag rith tar éis gach soicind.”
Ní amháin nach bhfuil ach snáthaid amháin ag na huaireadóirí seo, déanann lámh na huaire rothlú (rotation) amháin in aghaidh an lae – is é sin le rá go bhfuil 24 uair le feiceáil ar an uaireadóir seachas 12 uair, rud a fhágann go mbogann an t-am “níos moille”.
Tá trí leagan ar an mhargadh – slow Jo, slow Mo, slow O – agus dar leis an chomhlacht go bhfuil éileamh maith orthu le cúpla bliain anuas agus réaltaí spóirt, ceoltóirí agus údair i measc a lucht caite.
Ní dóigh linn gurb iad uaireadóirí slow an bealach is praiticiúla ag gach duine chun a chuid ama a bhainistiú (gan fiú an praghas €250 a lua!) ach is maith linn an teachtaireacht gur chóir moilliú anois agus arís agus an saol iontach thart orainn a shú isteach mar is ceart.
Moillígí libh!