Suaitheantais Ghaelacha na 80í

Is iomaí treocht stíle a tháinig chun cinn sna 80í, treochtaí a ndearna cuid againn ár ndícheall dearmad a dhéanamh orthu.

Ba le linn ré thriallach na 80í, a tháinig agus a d’imigh (nach mór!) pónaithe na bhfear, scrunchies ildaite, fáinní cluasa ró-mhóra, pillíní gualainne, buantonnta (perms) agus uaireadóirí swatch. 

Ré órga na suaitheantas a bhí sa 10 mbliana céanna a chonaic an uile shórt suaitheantas a mheallfadh punc-racairí, clubálaithe agus tradheads araon; cuid a tháinig leis an status quo agus cuid eile a raibh teachtaireachtaí réabhlóideacha le brath orthu.

Nós forleathan a bhíodh ann suaitheantais a chaitheamh i measc déagóirí ar fud na hEorpa agus níos faide anonn go deimhin.

B’amhlaidh a bhí in Éirinn agus bhí suaitheantais áille Ghaelacha i measc rogha na mbonn a bhí le feiceáil ar Ghaeil óga na tíre.

Tá muid buíoch de Nósadóir amháin, a bhí ag tochailt san áiléar ag an deireadh seachtaine, as a bhailiúchán suaitheantas a chruinnigh sé ó aois óg a roinnt linn.

An cuimhin leat aon cheann acu a bheith á chaitheamh agat féin?!


1) ‘Níl aon tóin tinn…’, ‘CLG abú’ agus ‘Táim i bPUNK!’ 

suathantais


2) ‘Ní Tír go Teanga’, ‘RnaG abú’, ‘Cumhacht Adamhach?’ agus ‘Ól Poitín’

olpoit


3) ‘Tóg go bog é’, ‘Aisling Gheall RTÉ 2’, ‘Ógra Éireann’ agus ‘Tá Gaeilge Agam!’ 

aisling

SCÉALTA EILE