Easpa spáis agat sa bhaile?
Fonn ort bord nua a fháil don seomra leapa?
Cathaoir bheag de dhíth agus tú amuigh ar phicnic?
Seo an freagra duit.
Is píosa troscáin é Bookniture a thiontaíonn ina leabhar agus atá chomh héadrom le ceann chomh maith.
So-iompartha agus stíleach, is féidir an sorcóir cruinn seo a úsáid mar thábla, cathaoir nó taca coise, nó fiú iad a chur i gceann a chéile le feidhmiú mar dheasc.
Cé nach bhfuil ann ach páipéar agus cárta, ciallaíonn an struchtúr cíorach gur troscán storrúil é agus go bhfuil sé in ann ualach trom a láimhseáil.
An dearthóir as Hong Kong, Mike Mak, a cheap Bookniture (Leabhroscán aon duine?) agus beidh sé á thairgeadh gan mhoill i ndiaidh dó a sprioc maoinithe ar Kickstarter a aimsiú, breis agus mí luath.
Meastar go bhfuil spás go fóill ar an tseilf in oifigí NÓS…
Breis sonraí faoin chruthúchán nuálach seo ar bookniture.com