‘Súilbhuamáil’ sa tSualainn…

Mar is eol dúinn, is féidir leis an ghreimhreadh bheith duairc go leor i dtuaisceart na hEorpa.

Chun píosa spraoi a bheith aige i lár na dúlaíochta, agus chun gáire a bhaint as a chomharsana, tháinig fear óg as an tSualainn aníos le cur chuige maith.

Shocraigh sé go gcuirfeadh sé péirí súl ar bhallaí, ar bhoscaí bruscair, ar chrainn agus eile ar fud a bhaile dhúchais, Uppsala, chun aghaidh ghreannmhar dhaonna a chur ar na gnáth-rudaí fánacha seo.

Feicfidh tú anseo thíos gur éirigh go maith lena phlean!

Is féidir a thuilleadh a fheiceáil ar a chuntas Instagram.


SCÉALTA EILE