Sydney sna soilse
Dathanna nua ar shéadfhoirgneamh aitheanta

Is é Áras Ceoldrámaíochta Sydney go fóill, ach ní mar is eol dúinn é.

Tá príomhionad na hAstráile ina séadfhoirgneamh so-aitheanta ar fud an domhain ach idir seo agus 14 Meitheamh beidh cuma eile ar fad ar an Áras clúiteach.

Mar chuid d’fhéile bhliantúil na soilse, Luminous, beidh Áras Ceoldrámaíochta Sydney mar chanbhás ollmhór ag líníochtaí dathannacha de chuid an cheoltóra Brian Eno.

Le linn an féile nua lonrófar íomhánna éagsúla ar fhoirgnimh ar fud na cathrach agus is é iar-sheinnteoir Roxy Music atá roghnaithe le seolta an Árais a mhaisiú.

Taispeánfar saothair Eno, a bhfuil sé ag tabhairt 77 Million Paintings air, gach oíche agus athrófar na híomhánnna ar luasanna éagsúla le suaimhneas a chur ar an lucht féachana, deirtear.

Má tá tú san Astráil buail thart agus abair linn faoin toradh deiridh!