Tá troscán róbatach linn


Tá leaba agat. Tá drisiúr agat. Tá cófra agat. Tá deasc agat.

Anois is féidir leat iad sin ar fad bheith agat san aon phíosa troscáin amháin.

Agus, ar a bharr sin, bogann sé chun spás a chruthú sa seomra – go huathoibríoch.

Is córas nuálach troscáin é Ori a bhfuil taighdeoirí in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts SAM ag obair air le ceithre bliana agus a bhfuil lámh ag an dearthóir Eilvéiseach Yves Béhar ann chomh maith.

Troscán modúlach é ina bhfuil leaba in-aistarraingthe agus a dearadh le húsáid in árasáin uirbeacha nach bhfuil mórán spáis iontu.

Is féidir an leaba, agus an t-aonad ar fad, a bhogadh ach cnaipe a bhrú nó fiú trí aip ar do ghlicghuthán.

Tá Ori ceangailte leis an chúntóir pearsanta cliste de chuid Amazon, Alexa, chomh maith, a chiallaíonn gur féidir treoracha a thabhairt – ar nós ‘cóirigh an leaba’ – le do ghlór.

Faoi láthair níl Ori ar fáil ach d’fhorbróirí tithíochta ach deir siad go mbeidh an córas ar díol don mhórphobal amach anseo.

Agus é ag iarraidh níos deacra seomraí agus árasáin chuí a aimsiú i gcathracha an domhain de cheal spáis, ná bíodh aon iontas ort má fheictear tuilleadh córas róbatach mar seo i dtithe na todhchaí.

Tabhair cuairt ar orisystems.com le haghaidh breis eolais.

SCÉALTA EILE