Target ar strae le t-léinte nua d’Éirinn
Cuid den tír ar iarraidh...

Tá an siopa éadaí Meiriceánach Target i ndiaidh deargbhotún ceart a dhéanamh le t-léinte nua atá deartha acu d’oileán na hÉireann… ach ar a bhfuil na 6 chontae in easnamh.

Tháinig an dearadh chun solais ar dtús nuair a phostáil Máirtín Ó Brádaigh an pictiúr ar a chuntas Twitter.

Is Éireannach é Máirtín atá ina chónaí sna Stáit le breis agus 20 bliain, ach ní mó ná sásta a bhí sé nuair a leag sé súil ar an léine.

Tar éis do go leor daoine atweet a dhéanamh ar an phictiúr, is cosúil gur baineadh an t-léine de na seilfeanna.

Tá ceacht maith tíreolaíochta foghlamtha ag dearthóir éigin!