Tatúnna 3D

Cé a cheapfadh go mbeadh rath ar leithéid tatúnna 3D?

Bhuel, tá ealaíontóir tatú as Portland Mheiriceá ag tarraingt go leor airde air féin ar Instagram le déanaí lena dhearaí craicinn a dtagann beocht iontu nuair a amharcann tú orthu trí spéaclaí 3D.

Triail a bhí sa chéad iarracht agus ní raibh barúil aige cén chuma a bheadh air.

Tá sé ráite ag Winston the Whale, an fear a bhfuil an cur chuige nua seo in úsáid aige, gur thosaigh sé le cara dílis amháin a lig dó blaosc 3D a tharraingt air.

Tatu

D’úsáid sé dúch dearg agus gorm leis an íomhá a chruthú.

Cé go mbíonn cuma dhoiléir ar an íomhá nuair a amharcann an ghnáthshúil uirthi, bíonn cuma 3D uirthi nuair a amharcann tú uirthi trí spéaclaí 3D.

Ó shin, tá an-fhorbairt tagtha ar cheird nua Winston.

tattoos

Dar leis, is maith le daoine na tatúnna 3D mar tá siad spraíúil, siabhránach.

“Tá maoithneas ag baint leo chomh maith,” ar sé.

“Aithníonn gach duine na dathanna clasaiceacha 3D, dearg agus gorm.”

Deir sé fosta go bhfuil na dearaí bunúsach ach tarraingteach agus go gcuirfidh daoine dúil iontu láithreach bonn.

“Ní fada a fhanann aird daoine ar aon rud ar an idirlíon. Ní gá don te atá ag breathnú ar na tatúnna seo mórán machnaimh a dhéanamh fúthu.

“Tá an áilleacht agus an chastacht tábhachtach, ach rud úr é rud simplí, spraíúil a fheiceáil.”

Tá saothar Winston the Whale le feiceáil ar Instagram.

SCÉALTA EILE