Tatúnna Cumhráin
Dearaí a spreagann na céadfaí

Mar atá a fhios agaibh, a nósadóirí, is maith linn sibh a choinneáil ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí i ndomhan na dtatúnna.

Seans go bhfuil sé san fhuil againn go mbeadh muid ag cur spéise ina leithéid óir is fada siar an cine daonna á mhaisiú féin le tatúnna.

Ach an oiread leis an dúil atá ag daoine i gcumhráin.

Tá fianaise den dá chleachtas a bheith i réim sna sibhialtachtaí ársa is luaithe.

Pósadh idir an dá shean-nós atá sna dearaí tatúnna nua sealadacha seo, a bhfuil cuma iontach orthu agus boladh álainn uathu.

tatu feat

Is é an t-ealaíontóir Francach, Vincent Jeannerot, péinteálaí uiscedhathanna luibheolaíochta, a dhéanann na dearaí, agus tá boladh breá na mbláthanna curtha leo ag an chomhlacht cumhráin Agilex Fragrances.

Ar $18, tá 8 gcinn de thatúnna ar fáil sa bhailiúchán ‘The Perinnal Set’ – ina measc fiúise, poipíní bándearga agus ylang ylang – agus tá siad ar fad ag teacht le cumhrán na mbláthanna féin.

Tatúnna áille a spreagfaidh na céadfaí i gcaitheamh an lae!