Teach na Gréine


Tá an ghrian ag soilsiú tríd an fhuinneog thosaigh agat. Á, deas.

Ach bogann sí le himeacht an lae agus tar éis tamaill tá tú fágtha gan aon gha gréine ag goradh do thí.

Ní bheidh an fhadhb sin ag cur as do theaghlach amháin i bPortland Oregon in iarthuaisceart SAM a thuilleadh mar gur féidir an teach seo thuas a rothlú le go mbeadh solas nádúrtha na gréine ag spalpadh isteach na fuinneoga i gcaitheamh an lae ar fad.

‘359’ is ainm don teach beag cliste seo, atá deartha ag an chomhlacht ailtireachta Path, agus léirítear san fhíseán gur féidir le páistí fiú an teach a rothlú de lámh.

Deirtear in Éirinn gur fearr teach a bhfuil an gairdín ar aghaidh na gréine (ó dheas) ach is comhréiteach é sin ar bhealach sa tír seo.

Má tá an ghrian agat sa ghairdín cúil mar shampla, ní bheifeá ag súil le solas an t-am céanna i seomraí tosaigh an tí.

Faigheann tíortha atá gar den mheánchiorcal níos mó solais nádúrtha i rith na bliana ná tíortha, mar muid, atá i bhfad uaidh.

Suite ar an leathsféar thuaidh den domhan, tá ár dtírín beag glas i measc na dtíortha atá gan ar sholas agus samhlaímid go mbeadh an-rath ar a leithéid de theach anseo dá bharr.

Trí leas a bhaint as solas na gréine, deirtear go gcoinnítear an teocht íseal sa ‘359’ in aimsir the, agus ard in aimsir an gheimhridh.

Faoi láthair, tá an teach, atá 144 troigh chearnach in airde in ann casadh 359 céim, sula gcuirtear isteach ar línte uisce agus leictreachais an tí, ach táthar ag obair le go mbeidh an teach in ann casadh níos mó.

Anuas ar an teach a bheith in ann a rothlú, tá seomra suite breá taobh istigh, mar aon le cistin, seomra folctha, seomra leapa agus seomra breise san áiléir.

Nach deas an coincheap é!

SCÉALTA EILE