Tearmann uait? Léim isteach san ubh!


Tá clú an dearaidh ar mhuintir na Sualainne, agus nuair a mheasctar sin lena ndúil sna seomraí allais, is é seo an toradh.

Tá sabhna i gcruth uibhe deartha ag an chomhlacht nuálach Bigert & Bergström don bhaile is faide ó thuaidh sa tSualainn, Kiruna.

Faoi láthair tá athruithe móra ag tarlú sa bhaile sa mhéid is go bhfuil an lonnaíocht féin ar fad á haistriú trí chiliméadar soir chun bogadh ar shiúl ón mhianach mór a raibh pobal Kiruna ag brath air thar na blianta agus i dtreo todhchaí níos glaise agus inbhuanaithe dá shaoránaigh.

Ba mhian leis na dearthóirí go mbeadh an ‘Solar Egg’ ina mhol sóisialta inar féidir le daoine na hathruithe a phlé agus, dá réir, athbhreith a dhéanamh ar an bhaile.

Is iad braillíní scátháin a chlúdaíonn an ubh agus adhmad áitiúil, le sornóg i gcruth croí, atá ar an taobh istigh.

Tá an ubh ghréine ghleoite seo ar taispeáint i bPáras i láthair na huaire, áit a bhfuil sé mar chuid de sheóthaispeántas dearaidh na Sualainne, Swedish Design Moves.

SCÉALTA EILE