Ó tharla gur thaitin na trasrianta glice 3D san India chomh mór sin linn, is maith anois go bhfuil príomhchathair na Spáinne, Maidrid, ag leanúint le dea-shampla na sábháilteachta agus trasrianta ealaíonta le feiceáil ar fud na cathrach.
Uaireanta, go háirithe i gcathracha móra, is deacair a bheith muiníneach as tiománaithe stopadh chun ligean do choisithe a mbealach a dhéanamh.
Chuige sin, tá iarracht déanta ag ealaíontóir ón Bhulgáir, Christo Guelov, aird na dtiománaithe a dhíriú ar an fhadhb i gcathair Mhaidrid trí phatrúin gheala gheoiméadracha a chur i spásanna bána ar na trasrianta ar fud na cathrach.
Is minic an díograiseoir ealaíne Christo ag díriú a chuid tograí ar na spásanna folmha gan úsáid atá le fáil i gceantair uirbeacha.
Mar aon leis an ealaín a thabhairt chomh fada le muintir na cathrach, tá an tsábháilteacht mar sprioc ag an togra seo, ar a dtugtar ‘Funny Crossings‘.
Tá súil ag Christo go spreagfaidh a chuid ealaíne ildaite tiománaithe le níos mó measa a léiriú do choisithe na cathrach.
Beidh le feiceáil cad é mar a éiríonn leis an togra i dtaobh na sábháilteachta, ach is cinnte go spreagfaidh sé níos mó daoine leis an charr a fhágáil sa bhaile agus radharc níos fearr a fháil ar an ealaín iontach atá anois ag dathú bóithre Mhaidrid!