Tá túr mór órga – macasamhail an spíce airgid ‘An Túr Solais’ ar Shráid Uí Chonaill i mBÁC – ag tarraingt airde na mbadaí beaga ar bhealach na Canála Móire sa Veinéis.
Ba é an t-ealaíontóir Meiriceánach James Lee Byars a dhear ‘An Túr Órga’ seo siar sna 70í, tuairim is scór bliain sular éag sé in 1997.
Anois tá an túr tógtha agus ar taispeáint sa chathair den chéad uair riamh agus é ar cheann de na tarraingtí móra ag mórfhéile ealaíne na cathrach ‘Venice Art Biennale’, atá ar siúl i láthair na huaire.
Agus is tráthúil gur i gcathair na Veinéise a gheobhaidh sé a chéad radharc mar is ann, ó 1982 ar aghaidh, a chaitheadh Byars sealanna fada agus é ag obair i dteannta seideoirí clúiteacha gloine as Murano, oileáin bheaga ar an taobh ó thuaidh den chathair.
Síneann an túr, atá 20 méadar in airde, thar dhíonta na seanchathrach agus roghnaíodh an suíomh áirithe ar an chanáil le go mbeadh radharc ar fáil de ó áiteanna éagsúla sa dúiche.
Samhlaítear an leacht mar a bheadh lóchrann dóchais ann, é mar dhroichead idir an Domhan seo agus an domhan spioradálta.
Is maith linn an smaointeoireacht sin, ach caithfear a admháil go bhfuil cuma éigin eile air… an ritheann, eh, roicéad mór órga le duine ar bith eile?! 😂
Beidh ‘An Túr Órga’ le feiceáil ag Campo San Vio, An Veinéis, go dtí 26 Samhain 2017.