Is fada daoine a chónaíonn in áiteanna tuaithe sa tír i mbun feachtais chun seirbhísí níos fearr iompair a fháil ina gceantair.
Anois tá cúis cheiliúrtha ag muintir Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall mar go bhfuil iarnród faoi thalamh forbartha ar an oileán, ar bhealach.
Ní córas ceart traenach atá i gceist ar dóigh ach léarscáil de logainmneacha agus de phríomhionaid an oileáin agus é leagtha amach mar a bheadh léarscáil d’iarnród clúiteach Londan ann.
Seamus Bonner ó Chumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór a dhear an léarscáil mar chuid d’iarrachtaí úra daoine a mhealladh chun an oileáin agus ní bheidh deacracht ar bith ag aon chuairteoir anois Teach an tSolais a aimsiú (líne dhearg) ná an bád farantóireachta (líne dhúghorm), gan bheith ag caint ar na tránna, tithe ósta agus ionaid eile idir an dá áit.
Má tá aon duine ag iarraidh tuilleadh eolais faoi Árainn Mhór nó triail a bhaint as ‘Tiúb an Oileáin’, tá leathanach gníomhach Facebook ag an Chumann anseo.
Anois cá mhéad stad ón teach leanna is giorra…?