Nuair a bhí mise i mo ghasúr óg agus mé ag foghlaim faoi naoimh na tíre seo sa bhunscoil agus sa pharóiste, bhí triúr naomh ar tugadh tús áite dóibh i gcónaí. Ní teagasc Críostaí amháin a bhí i gceist agus muid ag foghlaim faoi éarlaimh na hÉireann. Thuigeamar go raibh naisc ríthábhachtacha idir na daoine seo agus an Ghaeilge, agus stair, seanchas, tíreolaíocht, ealaín, ceol agus cultúr na tíre seo – rud a léirigh ár múinteoirí dúinn go soiléir agus go spreagúil.
Tá dlúthbhaint ag naoimh le cultúr agus traidisiúin ársa na tíre, rud atá le feiceáil go fóill in Éirinn, míle go leith bliain tar éis dóibh a bheith beo. Tá siad chomh greanta i dtírdhreach, cultúr, nósanna, ceiliúradh agus i bpobail na tíre agus atá siad sa chreideamh Críostaí féin. Ní féidir leat bogadh sa tír seo gan teacht trasna ar fhianaise den tionchar a bhí ag na naoimh ar Éirinn. Tá oideachas an-tairbheach le fáil ach staidéar mion a dhéanamh ar shaothar, ar scéalta agus ar oidhreacht Phádraig, Bhríd agus Cholmcille.
I mo pharóiste féin, Cloich Cheann Fhaola, suite in iarthuaisceart Dhún na nGall, thuigeamar i gcónaí go raibh tionchar i bhfad níos mó ag Colmcille naofa ar ár dtimpeallacht agus ar ár bpobal ná mar a bhí ag naomh ar bith eile. Tá an seanchas agus an traidisiúin chomh tábhachtach inár bparóiste is atá áit ar bith eile. Tá sin le sonrú in ainm an pharóiste féin fiú – Cloich Cheann Fhaola. Deirtear go dtagann an logainm sin ó chloch ar a ndearna Balor na Súile Nimhe an ceann a bhaint de Fhaola, taoiseach a bhí i gcoimhlint leis. Má bhímid ag smaoineamh faoi thionchar na scéalta miotaseolaíochta ar Chloich Cheann Fhaola, tagann Balor chun cuimhne. Más ag déanamh tagairt don Chríostaíocht atáimid, is é Colmcille an duine is mó a sheasann amach.
D’ainneoin an tionchar a bhí ag Colmcille ar Chloich Cheann Fhaola, ní sa pharóiste seo a rugadh é. Tháinig sé ar an tsaol sa bhliain 521 i nGartán, thart ar fhiche ciliméadar soir ó dheas ó Chloich Cheann Fhaola. Chaith sé a óige i dTír Chonaill, i nGartán agus in áit a dtugtar Gleann Cholm Cille air anois, den chuid is mó. An Luathré Chríostaí a bhí ann agus bhí mainistreacha breactha ar fud na tíre. Chaith Colmcille tréimhsí i Maigh Bhile (mainistir i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin), i gCluain Ioraird na Mí, agus i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath, sular fhill sé ar Thír Chonaill i dtréimhse dá shaol ina raibh tionchar mór aige ar an áit ina bhfuil paróiste Chloich Cheann Fhaola inniu.
Baineann go leor dá thionchar le heachtra a deir daoine a thit amach ar chnoc mhór leathan i gcroílár Chloich Cheann Fhaola – Cnoc na Naomh, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann. Cnoc maorga fairsing atá ann, le neart bailte fearainn suite thart air: Machaire Rabhartaigh, Mín Lárach, Glaise Chú, agus Doire Chonaire ina measc.
De réir an tseanchais, sheas Colmcille ar bharr Chnoc na Naomh agus triúr eile ina chuideachta: Dubhthach, Fionán agus Beaglaoch. Tá radhairc lánléargais dochreidte le feiceáil ó bharr Chnoc na Naomh, ag amharc amach ar na hoileáin (Inis Bó Finne, Inis Dúiche, Inis Bhig agus Toraigh), ar thrá Mhachaire Rabhartaigh, ar Chorrán Binne agus ar Shléibhte Dhoire Bheatha (an Earagail agus an Mhucais ina measc). Bhí obair mhisinéireachta ar siúl acu sa cheantar ag an am agus iad ag iarraidh an Chríostaíocht a scaipeadh.
Is dócha go raibh mealltacht éigean ag baint le Toraigh, oileán creagach suaithinseach le cultúr láidir, fada amach ón tír mhór; mórchríoch mhistéireach ag bun na spéire, mar atá sé go fóill. Deirtear go raibh bachall an duine ag an gceathrar agus go raibh sé de mhian acu go léir dul go Toraigh leis an Chríostaíocht a thabhairt do na daoine.
Ach cé acu a rachadh go Toraigh le seo a dhéanamh? Leis an cheist a réiteach, chaith an ceathrar acu bachall i dtreo Thoraigh. Tháinig bachall Dubhthach i dtír dhá mhíle amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh ar oileán ainmnithe as an naomh a shroich é, Inis Dubhthaigh. Shroich bachall Bheaglaoich a cheann scríbe i dTulach Beaglaioch, áit inar thóg sé eaglais. Thit bachall Fhionáin go talamh, gar don Fhál Carrach, agus is in ómós don naomh sin atá teach an phobail an bhaile sin ainmnithe. D’éirigh le Colmcille Toraigh a shroicheadh agus thug sé aghaidh ar an oileán lena chuid oibre a dhéanamh.
Tá neart seanchais ag baint lena haistear go Toraigh. Deirtear gur scaip na farraigí thart ar Chainéal Thoraí le ligean do Cholmcille a bhealach a dhéanamh ón mhórthír. Nuair a bhí an t-oileán beagnach sroichte ag Colmcille, níor lig an rí Oilill dó theacht i dtír. D’iarr Colmcille ar Oilill píosa talaimh a thabhairt do, ar cóimhéid lena chlóca, ach nuair a gheall Oilill do Cholmcille seo a dhéanamh, d’fhás an chlóca go dtí go raibh an t-oileán ar fad clúdaithe (nós coitianta a bhí ag na naoimh sa Luathré Chríostaí, má smaoinímid ar Naomh Bríd, a bhain an t-éacht céanna amach).
Chuir an rí spréachta a chú fiáin ina dhiaidh Cholmcille, a rinne comhartha na croise agus an cú ag teacht ina threo. Léim an cú isteach san fharraige le beannacht Cholmcille a sheachaint, ag fágáil a choiscéimeanna ar charraig amháin agus ag scoilteadh carraig eile lena heireaball. Tá Cloch an Chú le feiceáil inniu, os cionn Scoilt an Ghlasáin, siúlóid ghairid ó ché Thoraigh.
Faoi dheireadh, d’éirigh le Colmcille pobal manach a bhunadh i dToraigh, cé nár fhan sé féin ann ach ar feadh tréimhse ghairid. Mhair an Chríostaíocht ar feadh na gcianta fada ina dhiaidh, rud atá sonrach d’aon duine a thugann cuairt ar an oileán. Fuair Teach an Phobail Colmcille a ainm ón naomh agus meastar go bhfuil an tseanreilig in aice le Port an Churraigh lonnaithe ar an láthair chéanna le mainistir Colmcille. Is siombail iad an Chros Tau agus an Cloigtheach den tionchar a bhí ag Colmcille ar an oileán, oidhreacht a mhaireann inniu. Is ó Naomh Colmcille a fhaigheann an bhunscoil agus an mheánscoil ar Thoraigh a n-ainmneacha.
Tá giota dorchadais agus dánacht sa bhéaloideas a bhaineann le Colmcille ar Toraigh chomh maith, ach go háirithe sa scéal bainte le Mac Gorra. Deirtear go raibh fear darbh ainm Mac Gorra amuigh ag iascaireacht agus gur iarr Colmcille éisc uaidh. Nuair a dhiúltaigh Mac Gorra tacú le Colmcille, tiontaíodh isteach ina dhealbh chloiche é, iarsma a fhanann sa tírdhreach go fóill.
Níorbh é Toraigh an ceann scríbe deireanach a bhí ag Colmcille ar a haistear misinéireachta. Thaisteal sé ar fud na hÉireann ag bunú mainistreacha i nDoire, Darú i gContae Uíbh Fháilí, Ceanannas i gContae na Mí agus Sord in Áth Cliath. Tá an oidhreacht dhomhain chéanna atá ag Colmcille i gCloich Cheann Fhaola le feiceáil ar fud na tíre, agus níos faide ar shiúl fiú.
Tá ceiliúradh a dhéanamh ar 1500 bliain ó rugadh Colmcille i mbliana agus tá aird speisialta á tabhairt don nasc atá idir Albain agus Éire, ós rud gur bhunaigh Colmcille mainistreacha in Albain chomh maith. Oileán Í a bhí mar chroílár a chuid oibre ministreachta in Albain. Tá tionchar Cholmcille le feiceáil ar fud an oileáin sin, agus ar fud na hAlban. Bhí nasc mór i gcónaí idir Chúige Uladh agus Albain. Bhí Gaeil i ndiaidh socrú in iarthar na hAlban, blianta fada sular chuala siad iomrá ar an naomh nó ar an gCríostaíocht.
Chuaigh na mílte Ultach ar imirce go cathracha móra in Albain, nós a mhaireann go fóill. Tá cosúlachtaí sonracha le cloisteáil idir Ghaeilge Thír Chonaill agus Gàidhlig na hAlban, bíodh sé sa rithim, na focail nó an struchtúr atá ag an dá theanga, toradh ar chairdeas agus comrádaíocht idir ár muintir leis na céadta blianta anuas.
Agus muid ag ceiliúradh an 1500 bliain ó rugadh Colmcille, tuigimid gur athraigh sé níos mó ná cúrsaí creidimh sa tír. D’fhág sé lorg ar ár dtírdhreach agus ar ár gcultúr a mhair 1500 bliain agus a mhairfidh 1500 bliain eile.