Tá an leabhar Diary of a Wimpy Kid anois ar fáil in dhá theanga Ghaelacha — an Ghaeilge agus an Mhanainnis. Seoladh an leagan Manainnise den leabhar iomráiteach a scríobh Jeff Kinney ag Yn Chruinnaght, féile Ghaelach an oileáin, tráthnóna Dé Sathairn.
Ba é Adrian Cain, a chaith 16 bliain ina Oifigeach Forbartha Manainnise le Culture Vannin, a chur Gael ar shaothar Kinney. Jeelane Tootagh teideal atá curtha ag Adrian ar an aistriúchán nua, an chéad leabhar sa tsraith Wimpy Kid.
“Ba é mo mhac féin, a bhí ocht mbliana d’aois ag an am, a chuir Greg Heffley [príomhcharachtar na sraithe] in aithne dom, an neamh-Harry Potter mar a thugann Jeff Kinney air, agus ba mhór an pléisiúr sóláis agus dóláis an ghnáthpháiste seo a chur ar fáil do phobal na Manainnise.
“Tá an-rath ar an tsraith Wimpy Kid ar fud an domhain agus is iontach an rud é go bhfuil an deis anois ag cainteoirí Manainnise, idir óg agus aosta, a bheith ag gáire le Greg agus a mhuintir,” a dúirt Adrian agus an leabhar á sheoladh aige.
Tá 15 leabhar scríofa ag Jeff Kinney go dtí seo, agus leabhair nua fós á bhfoilsiú aige. Aistríodh cúpla ceann acu go Gaeilge le blianta beaga anuas, á bhfoilsiú ag Futa Fata i nGaeltacht Chois Fharraige faoin teideal Dialann Dúradáin.
Dírithe ar ghasúir idir ocht agus 12 bliain d’aois atá an leabhar, agus insítear ann scéal Greg — an “tootagh” — mar chineál dialainne. Tá pictiúir ar bheagnach gach uile leathanach agus tugtar le fios gurb é Greg féin atá ag tarraingt na bpictiúr.
D’fhoilsigh Jeff Kinney Diary of a Wimpy Kid ar líne ar dtús nuair nár éirigh leis foilsitheoir a aimsiú dó. Sé bliana a chaith sé ag obair ar an saothar sular chroch sé ar líne an chéad lá é, ach ó shin i leith tá os cionn 100 milliún cuairt tugtha ar an leagan ar líne agus é á léamh ag os cionn 70,000 gasúr in aghaidh an lae.
Cuireadh an leabhar i gcló sa bhliain 2007 agus níl insint bhéil ar an rath atá air ó shin. Tháinig leagan scannáin den scéal amach sa bhliain 2010.
Tá na leabhair ar fáil in 64 leabhar anois, an Ghaeilge agus an Mhanainnis ina measc.