Dingle Folk Fest agus ceithre imeacht eile

Coirm cheoil in Ollscoil na hÉireann Corcaigh, Ceolchoirm i Halla Uí Riada @ 20:00;

‘James’s Story’ RTÉ Radio 1, 28 DF @ 20:00

Tá ócáidí ceolmhara beartaithe d’Ollscoil Chorcaí inniu — ceardlann agus coirm!

Tabharfaidh an t-amhránaí aitheanta ón mBóthar Buí, Baile Loisce, Páidí Mhárthain Mac Gearailt féin agus mic léinn ó Roinn an Cheoil faoin ardán i Halla Uí Riada, do choirm mhór na hoíche anocht. In éineacht leo, beidh Ciarán Ó Gealbháin, Máire Ní Chéilleachair, Jack Talty, Tríona Ní Shíocháin, Mary Mitchell Ingoldsby agus Rosaleen O’Leary, agus go leor eile.

Dála an scéil, tá páirt ag Páidí i ndráma raidió, ‘James’s Story’, le David Zane Mairowitz a craolfar ar RTÉ Radio One Dé Domhnaigh 28 Deireadh Fómhair ag 8pm. I measc na n-aisteoirí tá Stephen Rea, agus cuid mhaith de mhuintir Chorca Dhuibhne, Pádraig & Tomás Ó Sé, Matt Mac Cárthaigh agus Noel Ó Maoileoin cuirim i gcás. Scéal faoi na cuimhní atá ag Sasanach ar an saoire a bhí aige sa Daingean siar sa bhliain 1968. Táim ag súil le toradh a gcuid oibre a chlos!

Pop Up Gaeltacht, Dé hAoine 26 DF, Long Valley Barr, Corcaigh @ 20:00

Pop Up Gaeltacht, Dé hAoine 26 DF, De Brúns i Humes’ Bar, Port Laoise @ 20:30 

Tá cúpla leithscéal ag daoine anocht a mbailte a fhágaint agus bualadh leo siúd a bhíonn ag labhairt na Gaeilge, os rud é go bhfuil Pop Up Gaeltacht ar siúl, i bPort Laoise agus i gCorcaigh.

De Brúns i Humes’s Bar ionad Phort Laoise, áit a ngealltar go mbeidh ceol, craic agus comhrá ar bun. Mórán an scéal céanna i gCorcaigh, nuair a thiocfaidh lucht na cathrach sin le chéile sa Long Valley Bar. 

Deis iontach chun ár dteanga ársa a labhairt agus chun aithne a chur ar dhaoine nua i dtimpeallacht chairdiúil, thaitneamhach. 

 

Éigse Mhichael Mháire Ghabha, Carna Conamara 26-29 Deireadh Fómhair ‘18

Is i gCarna agus sa cheantar máguaird a bheidh ceiliúradh agus comóradh á dhéanamh ar Mhichael Mháire Ghabha (Ó Ceannabháin), an deireadh seachtaine seo. Is mar chuid don Éigse a eagraítear ina onóir atá sraith imeachtaí ar bun ón Aoine go dtí an Luan seo chugainn.  An tIonad Cuimhneacháin Eisimirceach i gCarna láthair an tseolta tráthnóna, áit a mbeidh céilí ar siúl. Beidh ceardlanna ceoil agus amhránaíochta ar bun i gcaitheamh an lae Dé Sathairn agus seolfar dlúthdhiosca an cheoltóra PJ Hernon Tigh Mheaic tráthnóna roimh choirm mhór mhuintir Uí Cheannabháin. Ar an Domhnach, tá seisiúin cheoil agus rince eagraithe, agus ócáid speisialta do dhaoine óga. Mar chlabhsúr ar na hócáidí, beidh seisiún amháin eile dar teideal go tráthúil ‘One for the Road’ ar bun Tigh Leavy. Aon cheist? Déan teagmháil le lucht a heagraithe ag michaelmhaireghabha@gmail.com 

 

Comórtas The Fiddler of Dooney, Eaglais Mheitidisteach, Sráid an Fhíona:

Sóisear – Dé Sathairn 27 DF @ 11:00; Sinsear – Dé Domhnaigh 28 DF @ 14:00

Sligo Live, Sligeach 26-28 Deireadh Fómhair 

When I play on my fiddle in Dooney……folk dance like a wave of the sea!

Ní fada go mbronnfar aitheantas as a gcumas fidléireachta ar bheirt cheoltóirí ag an gcomórtas iomráiteach The Fiddler of Dooney. Is i Sligeach Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh beag seo, a bheidh craobh na sóisear agus na sinsear ar bun.  Thar na blianta, d’éirigh le leithéidí Séamus McGuire, Matt Cranitch, Paddy Glackin agus Bríd Harper an svae a thabhairt leo, agus i mbliana tá duais airgid €1000 le baint ag an té a thiocfaidh sa chéad áit! €200 an phríomhdhuais sa rannóg don dream níos óige. Beidh Baile Shligigh faoi dháir an deireadh seachtaine seo agus imeachtaí Sligo Live ar bun. B’fhiú súil a chaitheamh ar chlár na féile sin, beidh Niamh Farrell, Damien Mullane, Seán O’Meara agus Lisa Hannigan i measc na n-aíonna ceolmhara a bheidh le clos, mar aon le Dara Ó Briain agus fiú an puipéad aitheanta Bosco! Sligolive.ie don na mionsonraí go léir.

Féile Cheol na nDaoine, An Daingean, Dé Sathairn 27 Deireadh Fómhair, Eaglais San Séamus (St. James’ Church) @ 19:00

Tá borradh faoi stíl an cheoil folk i láthair na huaire. Aréir i Sráid Vicar a bronnadh duaiseanna go leor orthu siúd atá ag treabhadh i ngort na stíle sin! An deireadh seachtaine beag seo, beidh féile ar bun sa Daingean i gCiarraí a dhíreoidh chomh maith ar Cheol na nDaoine. Ag tabhairt aghaidh ar bhaile an Daingin beidh na ceoltóirí Síomha, Emma Langford, Ríona, mar aon le bean na háite, Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus Dave Clancy ina teannta. Féile eile ar leithinis Chorca Dhuibhne, níl deireadh go deo leo!

SCÉALTA EILE