Díomá ar Phicnicithe Gaelacha faoi ‘theip’ na campála ‘Gaeltachta’ ag Electric Picnic

Bhí díomá ar roinnt mhaith cainteoirí Gaeilge a chuir a n-áit in áirithe sa láthair campála ‘Gaeltachta’ faoin ‘easpa eagrúcháin’ ar an láthair agus faoin ‘líon mór Béarlóirí’ a bhí ag campáil ann i mbliana.

D’fhreastail na scórtha mílte daoine ar an Electric Picnic sa Sráidbhaile i gcontae Laoise ag an deireadh seachtaine agus arís eile cuireadh spásanna ar leataobh ag an bhféile mhór cheoil do lucht labhartha na Gaeilge. Bhí an Puball Gaeilge ann sa Mindfield, an Chollchoill sa gcoill, agus an láthair campála ‘Gaeltachta’ san ionad campála. 

Osclaíodh an fhoirm chláraithe don láthair campála an mhí seo caite agus iarradh ar chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith ag campáil i gcomhluadar cainteoirí eile Gaeilge a spéis a léiriú leis an bhfoirm. Chláraigh na scórtha daoine d’áit ar an láthair agus níorbh fhada nach raibh áit ar bith fágtha agus dúnadh an fhoirm. 

Ach nuair a tháinig roinnt mhaith campálaithe Gaeltachta ar éirigh leo a n-ainm a chur síos don láthair chomh fada léi ní raibh spás ann dóibh agus “an-chuid Béarlóirí” ar an láthair. Labhair NÓS le cúig ghrúpa campálaithe a chuir a n-ainm síos d’áit ar láthair ‘Gaeltachta’ a raibh díomá orthu nach raibh “spás ceart” ar fáil dóibh ann agus go raibh siad “timpeallaithe ag Béarlóirí”. 

“Ní raibh aon eagrúchán ann i ndáiríre. Bhí an ceathrar againn ag obair ar an Aoine agus tháinig muid sa tráthnóna, beagáinín níos déanaí ná go leor daoine eile. Ní raibh painic mhór orainn mar shíl muid go raibh áit againn sa láthair Ghaeltachta, ach nuair a tháinig muid ní raibh duine ar bith ag an ngeata ag seiceáil an liosta [de na daoine a chláraigh] agus bhí go leor leor Béarlóirí tar éis a bpuball a chur suas ann. Bhí an-díomá orainn faoin rud uilig,” a dúirt duine acu le NÓS. 

Dúirt duine eile, ó ghrúpa eile campálaithe, go raibh an láthair Ghaeltachta “tamall níos faide ó na stáitsí ná mar a bhí áiteanna eile campála” ach nach raibh mórán de dhifear idir na háiteanna sin agus an láthair Ghaeltachta ó thaobh teanga de. 

“Rinneadh iarracht éigin na Béarlóirí a bhogadh timpeall sa dóigh is go raibh siad le chéile taobh istigh den Ghaeltacht ach i bhfírinne b’fhearr liom a bheith níos gaire don Main Arena agus timpeallaithe ag Béarlóirí ná a bheith tamall níos faide ó na stáitsí [ceoil] agus timpeallaithe ag Béarlóirí,” a dúradh le NÓS. 

 Ní olc ar fad a bhí an scéal mar sin féin, agus dúirt daoine eile cé go raibh díomá orthu nach raibh duine ag an ngeata ag seiceáil na ndaoine a bhí ag teacht isteach go raibh “atmaisféar álainn” sa láthair campála ‘Gaeltachta’ agus go raibh céatadán ard cainteoirí Gaeilge ann. 

“Is cinnte nach raibh gach uile dhuine ag labhairt i nGaeilge an t-am ar fad, agus nár thuig cuid de na daoine a bhí ann gur láthair Ghaeltachta a bhí ann, ach chas mé le daoine nua le Gaeilge nach raibh aithne agam orthu roimhe seo agus labhair mé i bhfad níos mó Gaeilge an deireadh seachtaine seo ná mar a labhraím sa bhaile. Ní raibh an t-eagrúchán rómhaith ach is smaoineamh iontach é agus beidh sé níos fearr an bhliain seo chugainn, tá mé cinnte,” a dúradh le NÓS. 

Dúirt Síomha Ní Ruairc, bainisteoir óige Chonradh na Gaeilge agus duine de lucht eagraithe na láithreach ‘Gaeltachta’ le NÓS go bhfuil siad ag súil le “labhairt le lucht campála na láithreach agus aiseolas a fháil uathu” faoin deireadh seachtaine.

“Is iontach an rud é go bhfuil leithéid de láthair champála Gaeltachta ar siúl ag an bhféile cheoil is mó sa tír. I mbliana tugadh an spás is lú dúinn don láthair champála Gaeltachta a bhí againn riamh i gcomparáid leis na blianta eile, cé go raibh spás do 250 duine le bheith againn. Dá bharr sin, d’iarramar ar dhaoine pubaill a bhogadh thart le níos mó spáis a chruthú do dhaoine eile a bhí fós le teacht.

“Cuireann muid fáilte roimh dhaoine gur maith leo triail a bhaint as an láthair agus a bheith timpeallaithe ag an nGaeilge ag an bhféile. Táimid ag súil le labhairt le lucht campála na láithreach agus aiseolas a fháil uathu, agus labhairt le lucht eagraithe na bhféile ar an gcaoi go bhféadfaimis cur leis an líos spás agus go mbeadh spás faoi leith againn chomh maith mar chuid den láthair campála le himeachtaí Gaeilge a eagrú ann an bhliain seo chugainn,” a dúirt sí.

Níor tugadh aon mhíniú ar an údar nach raibh duine ag bealach isteach na láithreach ‘Gaeltachta’ le deimhniú go raibh a n-áit curtha in áirithe ag gach duine a chuaigh isteach ann.

Beidh ticéid do Electric Picnic 2023 ar díol an deireadh seachtaine seo agus tá súil ag Conradh na Gaeilge agus na heagraíochtaí eile a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ag an bhféile go mbeidh na himeachtaí Gaeilge ann arís an bhliain seo chugainn.