‘Dódh poll i mo riteoga agus thit na sála de na buataisí i ndiaidh dhamhsa Fhéile na Gealaí’

Ag an nóiméad deireanach a cheannaigh muid ticéid chuig Féile na Gealaí. Tráthnóna Dé hAoine. D’fhág sin cúpla uair an chloig agam le dhul ag cartadh trí mo chuid éadaí uilig go bhfeicfinn céard a chaithfinn agus a oibriú amach cá bhfanainn, cén chaoi a ngabhfainn ann agus stánadh ar mo chuntas bainc le súil go n-ardódh an tsuim (an-íseal) trí mhíorúilt éigin.

Oíche Déardaoin a chur cara liom téacs chugam, ag fiafraí an mbeadh suim agam dhul ann. Tá an bheirt againn cat ag téacsáil agus bhí sé ina mheán lae sula raibh sé dearbhaithe againn go raibh an bheirt againn saor agus gur mhaith linn a dhul ann.

Bhí fíor-dhrochbhail ar mo sheomra faoin am a raibh mo mhála “pacáilte”” agam. Thug mé mála mór millteach liom (é leathfholamh agus gan mé in ann theacht ar cheann níos lú). Sa mála, bhí cheithre athrú éadaí mar nach raibh mé in ann a roghnú céard a chaithfinn, leabhar nár osclaíodh i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus buidéal uisce folamh mar go ndearna mé dearmad é a líonadh. D’ainneoin méid mo mhála, d’éirigh liom leath de na rudaí a theastaigh uaim a fhágáil i mo dhiaidh i nGaillimh. Cá mbeinn gan Emma, a bhí flaithiúil foighneach agus í ag roinnt chuile rud ina seomra liom, gan cheist clamhsán ná casaoid.

Ní raibh mé iomlán cinnte céard a bheadh ann romham ag an bhféile, ná cé a bheadh ann. Ba é an chéad uair agam é freastal air. Ar aghaidh liom ar aon nós, bus ag a seacht a chlog ar maidin. Tús maith – leaindeáil mé ar maidin gan fios ag mo chara, a bhí in ainm mé a bhailiú, cén t-am a mbeinn ann. Bhí sí ar ghlaoch Zoom agus gan í in ann mé a fhreagairt nuair a chur mé scéala chuici go raibh Maigh Nuad bainte amach agam agus gan tuairim agam cá raibh a teach.

Thosaigh mé ag siúl ar aon nós (sa treo mícheart) agus nuair a sheol Emma ag seoladh chugam d’éirigh liom, ar bhealach éicint, an Eircode mícheart a chuardach ar google maps agus thosaigh mé ag siúl i dtreo eile (agus mé fós ag dul sa treo mícheart). Dúradh liomsa go mbeadh sé ina shamhradh agus ní raibh cóta ná geansaí i mo mhála mór millteach agus nuair a tháinig an bháisteach, b’éigean dom foscadh a fháil faoi scáil an chaisleáin agus d’fhan mé ansin go brónach uaigneach gur tháinig Emma le mé a bhailiú.

Maidir leis an bhféile féin, nuair a bhí strus an aistir curtha díom agam, rinne muid ár mbealach i dtosach chuig an mBradán Feasa, an pub i Ráth Chairn, agus d’fhan muid ansin, ag caint agus ag cur dínn, nó gur thosaigh an ceol thíos sa bpáirc.

Cheannaigh muid málaí canbháis an Fhéile (agus chaill muid aríst iad). Chuaigh muid ag damhsa (agus muid le feiceáil ar scéal Instagram Fhéile na Gealaí). Chaith muid siar deoch (nó dhó). Ghoid muid caipíní Raidió Rí-Rá (nó thóg muid ar iasacht iad ). Goideadh mo spéacláirí deasa dearga (níor liomsa ach an oiread iad).

Nuair a tháinig mé abhaile an oíche sin agus bhain díom mo bhuataisí móra troma, bhí poill dóite agam i mboinn mo riteog agus an mhaidin dár gcionn, agus ní aon áibhéil é seo, thit na sála de na buataisí céanna.

Ach comhartha é sin go raibh oíche mhaith againn agus leithscéal é le péire bróga nua a cheannacht. Beidh mé ann aríst an bhliain seo chugainn agus péire bróga eile liom nach miste liom a mhilleadh.

SCÉALTA EILE