‘Domhnáin dhoimhne inar féidir éalú ón bhfíorshaol cruthaithe ag Ceaití Uí Bheildiúin ina dánta’

Is minic a thógann sé leathbhliain cnuasach dánta a léamh ó thús deiridh, go háirithe más é an t-ábhar céanna a phléitear tríd an gcnuasach ar fad. A mhalairt d’eispéireas a bhí agam le Agallamh sa Cheo, leabhar filíochta Cheaití Uí Bheildiúin a fhoilsíodh in 2019. Cnuasach dánta atá lonnaithe fé scáth Chnoc Bhréanainn is ea é, a raghadh go mór i bhfeidhm ar éinne ar dheas leo am a chaitheamh i measc na sléibhte. 

Is rud an-phearsanta í an fhilíocht, gan amhras, ach san úsáid a bhaineann an file as foclaíocht, uaim agus struchtúr, tarraingítear isteach i ndraíocht an chnoic an léitheoir. Cruthaíonn an file domhnáin dhoimhne inar féidir éalú ón bhfíorshaol. Laistigh de sheachtain bhí an cnuasach críochnaithe agam agus na dánta is fearr liom marcáilte agam. 

Tá an leabhar roinnte ina ocht gcuid, ina labhrann an cnoc féin, deisceabail, dreapadóirí agus iníon an chnoic, taibhsí, scáil, áitritheoirí agus cuairteoirí. Scríofa i gcanúint Chorca Dhuibhne atá na dánta ar fad. Cuireann fuaimniú na bhfocal go mór le rithim agus rím na ndánta agus chomh maith le gnáthphoncaíocht, baineann an file úsáid thar a bheith éifeachtach as bristeacha líne agus spásáil chun an t-atmaisféar cuí a chruthú. 

Tá stíl gach aon dán difriúil agus ritheann roinnt línte isteach ina chéile chun an luas léitheoireachta a bhrostú agus úsáidtear na spásanna in áiteanna chun é a mhoilliú, rud a chruthaíonn spás don léitheoir an teannas, an brón nó an t-éadóchas a mhothú go pearsanta, pé áit a bhfuil an dán á léamh acu sa bhfíorshaol.  

Cé go bhfuil rian de Chnoc Bhréanainn fite fuaite tríd na dánta, insíonn gach aon dán a scéal féin den léitheoir agus úsáidtear urlabhra an-phearsanta chun sinn a tharraingt isteach sa domhan beag a chruthaítear go deaslámhach laistigh de fhocail gach dán. Baineann na dánta leis an gcnoc féin, le bheith ag siúl an chnoic, agus le heachtraí atá tarlaithe sa dúthaigh mórthimpeall air. 

Baineann cuid acu, mar shampla, leis an Drochshaol. Dánta gairide, cumhachtacha óna dtuigtear éadóchas na ndaoine don léitheoir. Ní mórán focal atá sna dánta seo, ach úsáidtear focail loma dhaingne, chun níos mó mothúchán a chuir in iúl dúinn ná dá mbeadh dánta fada lán focal folalmh. Tuigimid ón mbeagán focal ná raibh i ndán dos na daoine seo ach an t-ocras agus an bás. Téann an scil lenar scríobhadh na dánta seo go mór i bhfeidhm ar éinne a léann iad. 

In agallamh leis An Saol Ó Dheas i mí Lúnasa seo d’imigh tharainn, léigh an file an dán Réir de Shaobhdhiallais a scríobhadh in ómós don gcnoc agus ina bhfuil deisceabal an chnoic ag caint. San agallamh, phléigh sí brí an fhocail “saobhdhiallas”, sé sin an claon a bhíonn ar dhuine dul ar strae. Labhrann deisceabal an chnoic sa dán leis an gcnoc agus deineann cur síos grámhar, fileata ar an slí a athraíonn an tírdhreach inár dtimpeall agus sinn á dhreapadh. Cuireann leagan amach an dáin seo fisiciúlacht an chnoic i gcuimhne don léitheoir, le línte gairide gonta lenar féidir leat dul in airde an chnoic leis an dán agus tú á léamh.


Mholfainn an cnuasach seo d’éinne atá ag iarraidh tabhairt fé leabhar filíochta nua. Cé go bpléitear roinnt téamaí troma sna dánta, táid leagtha amach i slí éadrom atá éasca a léamh. 

SCÉALTA EILE