Duais mhór ag NÓS do bhuaiteoir Slam Filíochta Liú Lúnasa

Tá NÓS ag obair i gcuideachta na féile Liú Lúnasa i mbliana chun duais iontach a chur ar fáil don té a thabharfaidh an chraobh leis sa chomórtas iomráiteach ‘An Slam Filíochta’. Le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, tabharfaidh muid an deis don fhile a bhainfidh an chéad  áit sa chomórtas físeán ar ardchaighdeán a dhéanamh den dán. 

Foilseofar an físeán anseo ar shuíomh NÓS agus ar ár gcuntais meán sóisialta an 21 Márta 2020 – Lá Domhanda na Filíochta. 

Tá an Slam Filíochta ag dul ó neart go neart ó thosaigh sé trí bliana ó shin agus é ar cheann de mhór-imeachtaí Liú Lúnasa. Go dtí seo, reachtaladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich é ach i mbliana beidh sé ar siúl sa Black Box i lár chathair Bhéal Feirste ar an Aoine bheag seo an 23 Lúnasa ag 8.30in. 

Beidh Sinéad Ní Uallacháin s’againne mar bhean an tí ar an oíche agus Séamus Barra, Réaltán Ní Leannáin, agus Seán Ó Muireagáin ina moltóirí.

“Tá an comórtas ag dul i méid achan bhliain agus táimid iontach bródúil go bhfuil muid in ann ardán a thabhairt do na slamfhillí Gaeilge. Cuirfidh an deis taifeadta seo le NÓS filíocht an bhuaiteora os comhair lucht féachana níos leithne arís agus tá muid iontach buíoch as an deis sin,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail, Stiúrthóir na Féile.

Ní mór d’fhilí ar mhaith leo a bheith san iomaíocht dán nuachumtha a bheith de ghlanmheabhair acu agus a bheith sásta é a rá os comhair an tslua.

Bronnfar ticéad do Electric Picnic agus £500 ar bhuaiteoir an Slam, bronnfar £300 ar an bhfile a thiocfaidh sa dara háit, agus £100 ar an duine sa tríú háit. 

Cuireadh tús le Liú Lúnasa aréir sa Sunflower le léiriú amharclainne ó Don Ó Donnacháin faoina thaithí mar dhuine óg aerach i gContae an Longfoirt. 

Beidh plé painéil ann i rith na féile: ceann ina bpléifidh Seán Mac Brádaigh, Síomha Ní Aonghusa,  Aindriú de Buitléir, agus Grian Ní Dhaimhín an ghéarchéim thithíochta in Éirinn, faoi stiúir an iriseora Ailbhe Ó Monacháin; agus ceann eile ina bpléifidh Bríd Ó Gallchóir, Réaltán Ní Leannáin agus Edel Ní Churraoin na dúshláin a bhaineann leis na healaíona do mhná agus na buntáistí atá ann dóibh. 

Seolfar dhá leabhar ag an bhféile: Muireann agus an Míol Mór le Malachy Doyle agus Andrew Whitson, agus  Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin. 


Is féidir ticéid a fháil anseo agus tá clár iomlán na féile ar fáil anseo.

SCÉALTA EILE