Duais mhór liteartha an Oireachtais buaite ag Tadhg Mac Dhonnagáin

Is é an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin a bhuaigh duais mhór liteartha an Oireachtais i mbliana dá úrscéal Madam Lazare. Mícheál Ó Laoghaire a tháinig sa dara háit i gcomórtas A1 (Úrscéal – Ficsean Ginearálta) dá shaothar Cuairt an Uachtaráin.

Fógraíodh buaiteoirí uile Chomórtais Liteartha an Oireachtais ag ócáid ar líne ar maidin. 23 catagóir ar fad a bhí i gcomórtas na bliana seo – 15 comórtas do scríbhneoirí fásta agus ocht gcomórtas do scríbhneoirí óga. €27,000 an duaischiste a bronnadh ar na buaiteoirí éagsúla.

I measc na mbuaiteoirí eile bhí Feargal Ó Béarra, a bhuaigh an comórtas Próis lena shaothar Buile; agus Pádraig Mac Fhearghasa lena cnuasach filíochta Oilithreacht na gCríoch Déanach.

Bronnadh duais ar 15 fear agus ar ochtar ban i gcomórtais na ndaoine fásta. Ochtar buachaillí agus seisear cailíní a bhuaigh duaiseanna i gcomórtais na scríbhneoirí óga.

“Déanaim comhghairdeas leis an scríbhneoirí ar fad a bhain duais amach i mbliana. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na comórtais liteartha agus muid  ag iarraidh freastal ar an ngréasán scríbhneoirí ar fud an domhain agus litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn chomh maith le scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

RannógBuaiteoirí
Úrscéal – Ficsean Ginearálta1. Tadhg Mac Dhonnagáin – Madame Lazare
2. Mícheál Ó Laoghaire – Cuairt an Uachtaráin
Ficsean do Dhaoine Óga (9-12)1. Bróna Ní Uallacháin/Páid Ó Neachtain – A+
2. Gabriel Rosenstock – Scéilíní Scanrúla
Ficsean do Dhaoine Óga (13-15)1. Richie Conroy – Dialann Emily Porter
2. Iarla Mac Aodha Bhuí – Deargadh Anoir
Saothar PróisFeargal Ó Béarra – Buile
Ábhar don Fhoghlaimeoir Fásta1. Catherine Foley – Scéalta Grá
2. Seoirse Ó Dochartaigh – Cúl na Cruaiche
Cur chun cinn na Gaeilge Catherine Foley – Oscail an Doras agus Tiocfaidh Siad
Gearrscéal1. Alan Titley – Amritsar
2. Eithne Ní Ghallchobhair – Soineann
Scéal do Dhéagóirí1. Éamonn Ó Loingsigh – An Cailín ón Eastát
DánRóisín Sheehy – Filleann Fianna
Cnuasach FilíochtaPádraig Mac Fhearghasa – Oilithreacht na gCríoch Déanach
Aiste InnealltóireachtaHelen Ní Mhurchú – Nascanna
Dráma AonghnímhRóisín Sheehy – An Bhean a Saolaíodh ar Charraig
Comórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí RuaircA. Áine Ní Ghlinn – An Tornapa Mór
B. Brian Ó Gibne – An Faolchú Mór, Feoiliteach, Fuilteach, Fíochmhar
C. Gabriel Rosenstock – Cúig Eala Áille
Saothar Creidimh/ Ábhar MaranaGabriel Rosenstock – Iontas na nIontas
Aiste FealsúnachtaAlan Titley – An Tost gan Insint
Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Óg
Aiste1. Conor Ó Gallchóir – An tUasal Seosamh Ó Ceallaigh
2. Máire Ní Chinnéide – Seán de Grá
Iriseoireacht Sibéal Ní Shéaghdha – Léirmheas ar Samson
Shonagh Ní Thuathail Peelo – Na Díoltóirí Sráide
Conor Ó Gallchóir – Covid-19 agus an Ghaeltacht
Siobhán Ní Neachtain – Ardteist Chovid (ní hé an Gnáthrud)
ScéalFionnán Ó Baoighill – Iúpatar
Manus Ó Baoighill – Saibhir Daibhir
Aifric Ní Scolaí – Gearr go mbeidh sé ina Shamhradh
Cillian Ó Baoill – Na Daoine Maithe
Dán Amhlaoibh Ó Síocháin – Gearradh na gCrann
Sibéal Ní Shéaghdha – Ar an bhFarraige
Brian Mac Donncha – Dúchas
Gormfhlaith Ní Shíocháin – Sa Choill
SCÉALTA EILE