Dúshlán ealaíne Selkies Studio agus imeachtaí baile eile

‘Focal an Lae’ le Selkies Studio

Tá dúshlán laethúil ealaíne ag Louise ó @SelkiesStudio ar a cuntas Twitter agus Instagram daoibh. Tá sí féin, ar nós cuid mhaith againn, sáinnithe sa bhaile; agus chun í féin a choimeád ag imeacht, tá ‘Focal an Lae’ á tharraingt aici! I measc na bhfocal atá roghnaithe aici go dtí seo, tá Ubh, Scuab, Bóín Dé, Cathaoir, Subh, Páipéar Leithris agus Feadóg. Cuireann sí íomhá daite in airde agus íomhá nach bhfuil ann ach an imlíne, ar féidir leatsa a shábháil agus do dhath féin a chur air!

Seisiún scéalaíochta le Oliver Jeffers

https://www.instagram.com/p/B-hDvAXhfxa/

Táim tógtha le fada leis an scríbhneoir agus ealaíontóir cumasach Oliver Jeffers. Tá a chuid leabhar ceannaithe agam do mo nianna agus neacht le tamall anuas agus mholfainn go mór an leagan Gaeilge de Here We Are — Anseo Atá Muid (Futa Fata). Tá an fear céanna ag tabhairt faoi sheisiúin scéalaíochta i rith na seachtaine chun daoine óga atá díomhaoin a shásamh. Lean ar Instagram é (@Oliverjeffers) agus coimeád súil ar an haischlib #stayathomestorytime — beidh an scéal le feiscint ar Insta Live agus ar feadh 24 uair a chloig ar a chuid scéalta ar an ardán céanna, mar aon lena shuíomh.

Comórtas filíochta… 

Bhí mé ag trácht ar an leathanach seo ar dhúshlán filíochta na Cultúrlainne an tseachtain seo caite. Má tá éirithe leat é sin a chomhlíonadh agus fonn ort tabhairt faoi cheann eile — seo bhur seans!

Is iad Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas i gcomhar le hÁras Chrónáin atá á eagrú seo. Tá duaiseanna breátha le buachan — €250 don gcéad áit; €150 don dara háit agus €100 don té a thiocfaidh sa tríú háit. Glacfar le dán, nó dhá cheann ar a mhéid, ó iomaitheoirí, bunaithe ar théama ar bith (ach gan dul thar 40 líne fhilíochta). poetrycompetition@sdublincoco.ie an seoladh chun iad a chur chucu. Gach rath ort!

Cleachtadh ar do chuid scileanna!

Cuimhnigh — coimeád ag bogadh! Ná dearúd gur cheart dúinn ar fad méid áirithe aclaíochta a dhéanamh na haon lá. Is féidir sin a dhéanamh agus feabhas a chur ar do chuid scileanna CLG ag an am céanna. Mholfainn go mór duit súil a chaitheamh ar chuntas Twitter Scoil Lorcáin (@ScoilLorcain), áit a bhfuil príomhoide na scoile, Colmán Ó Drisceoil ag taispeáint conas cleachtadh a dhéanamh ar scileanna aonair caide — conas an liathróid a phiocadh suas i gceart, an pas láimhe, an cic bhréige, srl. Ní hamháin sin ach tá tvuíteanna uatha siúd atá i mbun an chúraim chéanna, á roinnt ag an gcuntas chomh maith, leithéidí Chiaráin Kilkenny agus Mharcuis Uí Bhuachalla.

Comórtas do dhaoine óga ó Chloich Cheann Fhaola

An bhfuil cónaí ort i gCloich Cheann Fhaola? Má sea… tá gnó ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola duitse! Tá físeáin d’amhráin, jócanna nó méimeanna as Gaeilge ag teastáil uatha do dhá chomórtas atá acu, dírithe ar dhaoine óga! Is do dhéagóirí idir 13 agus 18 atá an chéad chomórtas, agus do dhaoine idir 19-30 an dara ceann. Tá go leor duaiseanna deasa le buachan, ina measc €100 don té a thiocfaidh sa chéad áit. Is féidir saothar do chuid oibre a sheoladh chuig an uimhir 087 2270722 nó nasc a chur chuig cptccf@gmail.com roimh 12 Aibreán. Téir chomh fada lena gcuntas Instagram (@cloichcheannfhaola) do na mion sonraí ar fad!

SCÉALTA EILE