Ceolchoirm Enda Reilly ar líne, Dé Sathairn, 9 Bealtaine @ 17.00
Tá an t-amhránaí aitheanta Enda Reilly ag cur faoi anois sna Stáit Aontaithe, ach ní haon bhac é sin ina nuair a thagann sé chuig lán na súl a bhaint as agus é i mbun ceoil. Beidh coirm bheo aige ar líne Dé Sathairn, 17:00 am na hÉireann agus beidh deis agatsa iarratais a sheoladh chuige. An bhfuil amhrán faoi leith gur mhaith leat a chlos uaidh, má tá abair amach é! Is ar a leathanaigh Facebook, YouTube agus Instagram a bheidh sé le feiscint agus más mian leat cúpla dollar a chaitheamh ina threo, is féidir sin a dhéanamh via a chuntas Paypal – paypal.me/endareilly
Seisiún speisialta Father Ted le Drink and Draw Ireland
Tá 25 bliain ann ó craoladh an chéad chlár sa tsraith Father Ted, creid é nó ná creid é! Tá lucht na n-ócáidí Drink and Draw ag lorg do chuid pictiúr bunaithe ar an tsraith! Seo do dheis a bheith cruthaitheach. Glacfar le sceitsí, líníocht, léaráidí – rud ar bith, ach é a bheith ealaíonta! Tá cúig chatagóir ar fad ann, ina measc catagóir a thugann aitheantas do na leanaí agus na déagóirí is cruthaithí. Is féidir cur isteach air níos mó ná díreach babhta amháin chomh maith! Fógrófar duaiseanna an tseachtain seo chugainn.
Seisiún amhránaíochta an Ghóilín, Dé hAoine, 8 Bealtaine @ 21:00
Chaitheas leathuair an chloig an tseachtain seo caite ag faire ar chlub amhránaíochta an Ghoilín. De ghnáth is i gClub na Múinteoirí a bhíonn sé seo ar siúl, i mBaile Átha Cliath, ach tá sé bogtha ar líne le cúpla seachtain anuas. Is féidir féachaint ar na hamhránaithe éagsúla, ach cuairt a thabhairt ar an leathanach Facebook atá acu. Nó más mian leat a bheith páirteach, is fiú teagmháil a dhéanamh leis an grúpa, chun é sin a chur in iúl dóibh agus nasc chuig an Zoom a fháil. Go pearsanta, is deas an rud é díreach éisteacht leo, dar liom — mar a bheadh seisiún maith ann! Beir leat do dheoch féin!
Cúrsaí Gaeilge ar líne
An é seo an t-am chun snas a chur ar do chuid Gaeilge? B’fhéidir é agus níos mó ama ag cuid againn díriú ar mhianta a cuireadh, gach seans, ar an méar fhada. Tá tús á chur go luath ag Gael Linn le cúrsaí lae agus oíche Gaeilge, a bheidh á reáchtáil acu ar Zoom. Cuirfear tús leo ar an 18 Bealtaine, ach seo an t-am chun tú féin a chlárú. Na leibhéil difriúla atá ann ná: glantosaitheoirí, bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal. €60 an costas do chúrsa lae 6 seachtaine, nó €120 do chúrsa oíche 10 seachtaine. Gach eolas ó ian@gael-linn.com
Tráth na gCeist BLOC
Mura bhfuil tú tar éis a bheith páirteach ann go fóill, b’fhéidir gurb é an Chéadaoin beag seo, do sheans! Uair sa tseachtain eagraíonn Rónán Mistéil agus Jade Pepper, Tráth na gCeist BLOC.
Bíonn sé le feiscint ar Facebook BLOC ar feadh tuairim is uair a chloig. Le cúpla seachtain anuas, tá téamaí éagsúla roghnaithe acu: róbait, ficsean eolaíochta agus an todhchaí; buaicphointí na bliana 2012 agus 2010, i measc eile!