Taispeántas Ealaíne ‘Cruth agus Colainn’, saothair ola agus ghualaigh le Joan Coen; 21-25 Aibreán; Oscailt: 23 Aibreán @ 18:30
Tá ócáidí go leor ó thaobh na n-ealaíon de ar bun i Raghnallach an tseachtain seo.
Mar a bhí á rá agam libh an tseachtain seo caite, féach anseo, tá Aisteoirí Bulfin ar stáitse i Scoil Bhríde inniu agus amárach.
Sa cheantar chéanna, i scoil eile de chuid na háite, atá taispeántas ealaíne de shaothar ola agus ghualaigh ar siúl chomh maith.
Anocht ag a 6:30in, a osclófar an taispeántas dar teideal ‘Cruth agus Colainn’ go hoifigiúil. Saothar Joan Coen atá ar taispeáint, agus tá staidéar á dhéanamh aici ar an gcolainn dhaonna ina cuid oibre.
Is as Corca Dhuibhne i gCiarraí do Joan, ach tá cónaí uirthi le tamall fada i gCeatharlach.
Is mar ealaíontóir féinmhúinte a chuir Joan tús lena gairm; ach d’éirigh léi anuraidh Máistreacht a ghnóthú, sna Mínealaíona ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha Bhaile Átha Cliath (NCAD).
Is in Áras Cullenswood, 21A Bóthar Oakley, Raghnallach, atá Gaelscoil Lios na nÓg, áit a mbeidh a cuid oibre le feiceáil.