Tá réiteach mór á dhéanamh i bpríomhchathair na hEorpa i gcomhair Éigse na Bruiséile 2023.
Clár trí lá a bheidh ann arís i mbliana. Dé hAoine 12 Bealtaine ag a 19:00 in Ambasáid na hÉireann, is é an Dr Diarmuid Johnson (Ceallach, Tuatha Dé Danann, Seacht dTír Seacht dTeanga) a thabharfaidh léacht na hÉigse: ‘Aisling na hEorpa le míle go leith bliain – Ceallach, Columbanus agus Robert Schuman’. Cuirfidh an Dr Gisbert Hemprich, Ollscoil Bonn, an ócáid i láthair. Is i gcuimhne ar an Dr Feargal Ó Béarra (An Tromdhámh, Mé Suibhne) a bheidh an léacht.
Lá arna mhárach ag a 10:00, beidh amhráin agus rannta ag Sadhbh Rosenstock le haghaidh pháistí na Bruiséile ón mbailiúchán Picnic Teidí (Gael Linn). Is in Ambasáid na hÉireann a bheidh an ócáid seo chomh maith. I ndiaidh na n-amhrán, is i Leabharlann Ríoga na Beilge a bheidh lucht na hÉigse ag tionól. Is ann a bheidh rogha lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú haois á dtaispeáint, Leabhar Iníne Uí Dhonaill ina measc.
Is in Au Bassin, Quai Aux Briques 74, i gceantar St Catherine a bheidh imeachtaí an tráthnóna ag tarlú. Seolfar ‘Inis Mara’, leabhar nua le Tristan Rosenstock, a bhfuil an príomhcharachtar ann ainmnithe in ómós dá dheirfiúr Éabha.
Níos moille an lá céanna beidh beirt amhránaithe ban ar an stáitse, duine as Tír Chonaill, sin í Eve Belle, agus duine as Bré Chualainn, Co. Chill Mhantáin, sin í Krea. Amhráin chomhaimseartha a bheidh ag an mbeirt chumasach cheolmhar sin, idir amhráin Ghaeilge agus amhráin Fraincise – quelle bonne idée!
An oíche sin is iad Manrán Banrán, tríréad téadach úrnua, a chuirfidh a gcéad ghig bheo i láthair in Au Bassin.
Beidh maidin Dé Domhnaigh ar a gcomhairle féin ag na hÉigseoirí. Idir 14:00 agus 16:00 tráthnóna Dé Domhnaigh, is ar an bpeann agus ar an scríbhneoireacht a bheidh an bhéim arís. Labhróidh Máirín Nic Con Iomaire ar na leaganacha Gaeilge atá foilsithe aici le Futa Fata de shaothair liteartha ón bhFraincis, ina measc sin an t-úrscéal ‘Khalil’ le Yasmina Khadra.
Ceann eile de bhuaicphointí na hÉigse a bheidh sa seisiún le Darach Ó Scolaí, duine d’úrscéalaithe móra na Gaeilge, agus duine de chomhbhunaitheoirí teach foilsitheoireachta Leabhar Breac. In Café Béguin, Place du Samedi 1, a bheidh an cur agus an cúiteamh tráthnóna Dé Domhnaigh 14 Bealtaine.
Arsa Tomaí Ó Conghaile, reachtaire Éigse na Bruiséile: ‘seo í an dara hÉigse, agus is ag dul i neart atá sí. Tá éagsúlacht mhór i gclár na bliana seo, agus tá a fhios agam go bhfuil pobal na Gaeilge sa Bhruiséil ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine.”
Is cinnte gur Éigse shultmhar ealaíonta atá á tuar. Nach breá an leithscéal é do Ghaeil na hÉireann le sciuird a thabhairt anonn agus deoch a ól faoi scáth na gcrann i measc a chéile i gcathair ilghnéitheach na Bruiséile!
Seolfar clár iomlán na hÉigse ar eigse.be an tseachtain seo chugainn.