Beidh oidhreacht shaibhir Ghaelach oirdheisceart Uladh á tabhairt chun beochta arís ag an deireadh seachtaine ag ‘Éigse Oirialla: Amhráin agus Ceol’, atá á reáchtáil in Ó Méith don dara bliain as a chéile.
An Dr. Pádraigín Ní Uallacháin a rinne athbheochan ar choincheap na féile anuraidh (bhí eagras darb ainm Éigse Oirialla ann roimhe a chuir litríocht Ghaeilge an cheantair os comhair an phobail idir 1969 agus 1994) agus tá scoth an chláir curtha le chéile arís le haghaidh cheiliúradh na bliana seo.
Déanfar an Éigse a oscailt go hoifigiúil oíche Aoine 7 Deireadh Fómhair le gig mhór ina mbeidh cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír ar ardán – Zoe Conway, Clann Uí Chonchubhair agus Dianne Ní Chanáin ina measc – agus beidh ceolchoirm níos fairsinge arís fiú ann Dé Sathairn le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill i mbun amhránaíochta, Tiarán Ó Duinnchinn ar na píobaí, Seán McElwain ar na téada, Donal O’Connor is Dónal McCague ar na fidilí agus Caitríona Ní Chléircín ag roinnt a cuid filíochta.
Le linn an lae Dé Sathairn tabharfar cainteanna suimiúla ar bhailitheoirí ceoil ar nós James Cody agus Seán Ó hAnnáin agus beidh amhránaithe áitiúla den scoth, mar aon le cuaiteoirí ceolmhara eile, i mbun ceardlanna éagsúla ceoil agus damhsa.
Chun deireadh a chur le himeachtaí na hÉigse déanfar ceiliúradh speisialta Dé Domhnaigh ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge, atá ag comóradh 90 bliain a bhunaithe.
Beidh an Éigse ar fad ar siúl in Óstán Granvue in Ó Méith agus is áit iontach fóirsteanach í an baile beag faoina choinne mar is ann agus sa cheantar maguaird a mhair cainteoirí deireanacha Gaeilge Oirialla sa chéad seo caite.
Tá tuilleadh eolais faoi Éigse Oirialla, agus an clár iomlán, le fáil ar eigseoirialla.org