Ceiliúradh ar aistear 300 bliain an cheoil thraidisiúnta atá i gceist leis an gceolchoirm speisialta ‘The Road to the Rising 1619-1916’ a bheas ar siúl in Amharclann an Pavilion, Dún Laoghaire, BÁC, anocht.
Sa léiriú uaillmhianach seo, beidh The Bonny Men agus aíonna speisialta, idir aisteoirí agus amhránaithe, ag teacht le chéile chun léargas ilghnéitheach a thabhairt ar an gceol traidisiúnta ó 1616- 1916.
Tá a n-ainm in airde ag na Bonny Men as a gcuid ceoil bheoga ardfuinnimh agus d’éirigh go han-mhaith le ceolchoirm thiar in 2013 ‘The Fighting Irish’, a dhírigh ar stair an cheoil mhíleata.
Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Maitiú Ó Casaide, píobaire an ghrúpa, go bhfuil tábhacht ar leith ag an dtréimhse áirithe seo ó 1616 go hÉirí Amach na Cásca i stair an cheoil.
“Seans gurbh iad na 300 bliain ba thábhachtaí don gceol iad, am ar breacadh síos na hamhráin agus na dánta is saibhre dá bhfuil againn,” ar seisean.
“Ba thréimhse ana-shuimiúil é. Mar phointe tosaigh, fuair Aodh Ó Neill bás sa Róimh sa bhliain 1616, agus é mar shiombail againn do dheireadh ré na n-uaislí Gaelacha.”
Iarracht atá sa cheolchoirm súil a chaitheamh ar imeachtaí eile a thit amach sa stair agus a d’imir tionchar ar an gceol.
Tugtar suntas don tréimhse a lean tar éis an Ghorta Mhóir agus don mborradh a tháinig ar an gceol i Meiriceá de bharr na himirce as Éirinn.
Ar an ardán in éineacht leis na Bonny Men beidh na hamhránaithe Seán Garvey, Síomha agus Ornait Ní Aonghusa; an cruitire Helen Lyons, a dhíreoidh ar stair agus ar cheol na cruite; an t-aisteoir Ciarán Kenny; agus Odhráin Ó Casaide, a phléifidh bunús cultúrtha an Éirí Amach.
“Éirí amach cultúrtha a bhí ann,” arsa Maitiú.
“B’ealaíontóirí, múinteoirí scoile agus ceoltóirí iad na réabhlóidithe agus ba dheas aird a tharraingt ar an ngné sin agus muid á cheiliúradh.”
Tosaíonn an ghig anocht ar 8in sa Pavilion agus beidh deis ag muintir Chill Chainnigh an seó a fheiceáil chomh maith ar 20 Márta.
Tuilleadh eolais anseo.