Aisling?
Town Hall Theatre, Gaillimh 31 Lúnasa/1 Meán Fómhair @ 20:00;
Amharclann an Olympia, Baile Átha Cliath 28 Meán Fómhair @ 20:00
(Port Láirge, Béal Feirste, Doire agus Ráth Chairn ag deireadh na bliana – mí na Samhna ar aghaidh)
Tá oiread cainte cloiste agam faoin léiriú ilmheáin Aisling?, go bhfuilim ag tnúth go mór lena a fheiscint san ardchathair go luath. Is seó cultúir é, inár bhfiosraítear scéal na Gaeltachta go taibhsiúil le saothar nuachoimisiúnaithe ó ealaíontóirí éagsúla. Páirteach sa togra tá Méabh Ní Bheaglaoich, Johnny Óg Connolly, Pól Ó Ceannabháin, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Máiréad Ní Mhaonaigh agus Seán Ó Flaithearta, i measc scata eile. Baintear úsáid as ceol, filíocht, rince agus na fís-ealaíona chun cuspóir an tionscnaimh seo a bhaint amach.
Darach Mac Con Iomaire stiúrthóir agus léiritheoir an mhórthogra, a bheidh le feiscint arís i mbliana in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Is sa Ghaillimh agus i mBaile Átha Cliath a bheidh siad i rith mí Mheán Fómhair, agus i bPort Láirge, Béal Feirste, Doire agus Ráth Chairn roimh dheireadh na bliana. Tuilleadh faoi na dátaí sin, sna laethanta romhainn!
Electric Picnic, (An Puball Gaeilge/Bliain na Gaeilge ach go háirithe), An tSráidbhaile, Co. Laoise, Dé hAoine 31 Lúnasa – Dé Domhnaigh 02 Meán Fómhair ’18
Mo léan géar, ach tá na ticéid ar fad don bhféile Electric Picnic díolta. Má tá tú ar dhuine acu siúd ar éirigh leo ceann a cheannach in am, bí ar an eolas faoi chuid de na haíonna spleodracha a bheidh ag tabhairt faoin dá stáitse Gaeilge! Cinnte, beidh tóir ar Massive Attack, Dua Lipa, Walking on Cars agus bannaí móra eile na bpríomhstáitsí, ach beidh m’aird féin dírithe ar an bPuball Gaeilge agus ar ardán Bhliain na Gaeilge! Anocht bí ag súil le Kneecap agus Liam O’Connor i dteannta a chairde sa Chollchoill; Scannal, Dó Fá Dó agus filí Reic Dé Sathairn; agus is iad Seo Linn agus Lauren Ní Chasaide a bheidh i measc na n-aíonna Dé Domhnaigh. I dtaca leis an bPuball Gaeilge, beidh idir chainteanna agus cheol ar siúl, Imbolc, fuirseoireacht ó lucht GhaelGÁIRÍ agus Cabaret Craiceáilte Rónáin Mhic Aodha Bhuí. An fhadhb is mó a bheidh agam ná na pubaill sin a fhágaint!!
Lón Pacáilte le Gaeilge, The Clockwork Door, Baile Átha Cliath 2; 4 Meán Fómhair @ 14:00 (agus gach Máirt)
Tá grúpa daoine a bhuaileann go minic le chéile i mBaile Átha Cliath le bheith ag labhairt na Gaeilge. Lón Pacáilte le Gaeilge a thugann siad ar an ócáid sheachtainiúil seo, a bhíonn ar siúl i The Clockwork Door, spás d’ócáidí shóisialta a ligtear amach ar cíos. Má tá fonn ort a bheith i measc na ndaoine, beir leat €2 agus ar an gcostas sin, gheobhaidh tú tae nó caife, brioscaí, teas agus comhrá, gealltar. Margadh maith. Beir leat do lón féin!
Looking In/Out: Ag Féachaint Isteach/Amach, Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, taispeántas ag tosú ar an 6 Meán Fómhair
Tá taispeántas ghrianghraif de chuid Con Kelleher le hoscailt Déardaoin seo chugainn. Looking In/Out: Ag Féachaint Isteach/Amach an teideal atá air, agus is ealaíontóir eile a osclóidh é, is é sin Tim Goulding. Leanfaidh an taispeántas seo ar aghaidh go dtí an 12 Samhain, in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, i mBaile Bhuirne. Dála an scéil tá clár imeachtaí leathan díreach foilsithe ag an Ionad céanna — tá scoth na n-imeachtaí beartaithe! Ceolchoirmeacha le Bow Brothers, Back West, Kevin Burke agus KGB atá liostáilte, i measc eile. Seolfaidh Máire Ní Chéilleachair a dlúthdhiosca i gcomhpháirtíocht le hAisling Gheal agus beidh Ceiliúradh ar Oireachtas na Samhna 2018 ar bun chomh maith. Ana-éagsúlacht, b’fhiú súil a chaitheamh air! Is as seo go deireadh na bliana a bheidh na himeachtaí ar siúl.
‘Not Before Time…Thar am’, seoladh albaim Pháraic Mhic Dhonnchadha, The Cobblestone, Déardaoin 6 Meán Fómhair @ 21:00
‘Not Before Time…. Thar am’ teideal albaim nua Pháraic Mhic Dhonnchadha. Albam atá sa cheann aige a chur i gcrích le tuairim is 39 bliain, de réir an fhotheidil – ’39 Years in the Making’. Tá amhlaidh déanta aige áfach, agus b’fhiú a bheith ina theannta don seoladh i dtábhairne The Cobblestone i Margadh na Feirme Déardaoin seo chugainn. Ní leis féin a bheith sé, ach i gcomhluadair a chairde ceolmhara, Claire Egan, Graham Guerin, Cormac Begley, Terence O’Reilly, Macdara Ó Faoláin, Noel O’Grady, Colm Murphy, Libby McCrohan agus a dheartháir Mac Dara Mac Donncha. Liosta le háireamh – go n-éirí leo ar fad!