Imeacht IMRAM na nÓg, Leabharlann an Lexicon, Dún Laoghaire, Dé Sathairn 10 Samhain @ 14:00
Beidh imeacht deireanach na bliana de chuid IMRAM na nÓg ar siúl amárach i Leabharlann an Lexicon, i nDún Laoghaire. Ba é Tadhg Mac Dhonnagáin a thug leis Gradam Réics Carló ag an Oireachtas i mbliana, don leabhar is fearr do dhaoine óga! Bliain na nAmhrán a bhuaigh, agus cloisfear dánta agus amhráin ón bhfoilseachán sin ag an ócáid, léite agus canta ag Tadhg é féin!
Mo Theachín gan Chuma gan Chaoi leabhar eile dá chuid, aistriúchán ar shaothar Julia Donaldson agus Axel Scheffler, A Squash and a Squeeze. Is pictiúr-leabhar véarsaíochta atá i gceist agus beidh blúirí as le clos uaidh chomh maith, mar aon le sleachta as Uinsionn Donn, Gugalaí Gug! agus Peigín Leitir Móir. Áirithintí agus eolas: noirin@glornangael.ie
Aisteoirí Bhréanainn sa Taibhdhearc, An Ghaillimh, Dé Sathairn 10 Samhain @ 20:00
Beidh lucht Chorca Dhuibhne ag triail ar chathair na Gaillimhe amárach, agus ar ardán na Taibhdheirce le bheith beacht, áit a mbeidh Aisteoirí Bhréanainn le feiscint. Dhá dhráma a léireoidh siad An Fear Siúil le Lady Gregory agus Taisteal gan Tuisle le Thornton Wilder. Tá dreamanna éagsúla le bheith sa Taibhdhearc sna laethanta romhainn, mar go mbeidh Aisteoirí Bulfin le feiscint ann sara fada, ar an 17ú le Dearmad na Fola, dráma a scríobh Aodh Ó Domhnaill agus atá léirithe le tamall anuas in Amharclann Smock Alley agus i gCill Airne ag an Oireachtas!
An Fhéile Bheag Filíochta, Corca Dhuibhne, 9-11 Samhain
Is anocht i gCorca Dhuibhne a chuirfear tús leis An Fhéile Bheag Filíochta, ócáid bhliantúil a bhíonn ar siúl i mBaile an Fheirtéaraigh agus sa cheantar máguaird. An craoltóir agus léiritheoir Máiréad Uí Dhomhnaill a sheolfaidh, agus tar éis di an oscailt oifigiúil a chur di, seolfaidh Mícheál Ó hUanacháin cnuasach filíochta le Seán Ó Leocháin, darb teideal Ar Áit na mBonn.
Briathra, Béithe agus Banfhilí: Filíocht Eavan Boland agus Nuala Ní Dhomhnaill teideal na cainte a thabharfaidh an Dr. Ríona Ní Fhrighil an oíche chéanna. Ar phainéal díospóireachta an tSathairn, beidh Róisín Ní Ghairbhí, Máirín Nic Eoin agus Louis de Paor, faoi chathaoirleacht Chathal Póirtéir. Beidh ceardlanna ar bun, mar aon le coirm na féile — mar a dtabharfaidh Liam Ó Maonlaí aghaidh ar an leithinis — áit a mbeidh seisiúin cheoil, amhránaíochta agus bothántaíochta ar siúl chomh maith!
Ensemble Eriú, An Ceoláras Náisiúnta, Déardaoin 15 Samhain @ 13.05
Is sa Cheoláras Náisiúnta a bheidh an sár bhanna ceoil Ensemble Eriú ag seinnt i rith na seachtaine seo chugainn. Is ar an Déardaoin a bheidh baill an bhanna ag tabhairt faoin stáitse in ionad ársa seo na hardchathrach, faoi stiúir Jack Talty agus Neil O’Loghlen. Ceol traidisiúnta/comhaimseartha a bhíonn acu, fréamhaithe i stíl Chontae an Chláir. Beidh an choirm seo ar siúl i gcaitheamh an lae — nach deas an briseadh lóin a bheadh agat ón obair — le dul ag féachaint/éisteacht leo! Ádh mór leo. nch.ie do thicéid.
Seoladh dlúthdhiosca Mháire Ní Cheilleachair, Ceantar Ghlas Mhúscraí, Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Dé hAoine 16 Samhain @ 20:00
D’ardaigh mo chroí nuair a chuala go raibh Corn Uí Riada buaite ag Máire Ní Cheilleachair. Tá sí ag cur isteach ar an gcomórtas le fada agus duaiseanna go leor bainte aici, ach d’éirigh léi an chéad áit a fháil Dé Sathairn seo caite! Tá dlúthdhiosca curtha le chéile ag Máire, dar teideal Ceantar Ghlas Mhúscraí agus seolfar é in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne ar an 16 Samhain. Tá 25 traic ar fad ar an albam le meascán d’amhráin i mBéarla agus i nGaeilge air; ba é an ceoltóir agus léiritheoir ceoil aitheanta Peadar Ó Riada a thaifead agus a léirigh é. Seán Ó Sé, Corcaíoch ceolmhar iomráiteach eile, a sheolfaidh. Labhróidh Máire ag an ócáid agus ceisteanna ó Sheán á fhreagairt aici! Déarfainn go ndéanfaidh sé an-oíche ar fad!