Tá cur agus cúiteamh ann sa Fhrainc i láthair na huaire faoin gcaoi ar ceart Notre Dame de Paris a athchóiriú tar éis an loiscthe. Scriosadh spuaic shainiúil Viollet-le-Duc sa tine, agus tá sé ráite ag uachtarán na Fraince, Emannuel Macron, go mbeidh comórtas oscailte ann chun é a athdhearadh.
Teastaíonn ó ailtire amháin go gcuirfí minaret Ioslamach ar bharr an fhoirgnimh ionas go mbeadh sé ag teacht le luachanna ilchultúrtha na sochaí. Tá ailtirí eile ag iarraidh spuaic nua a thógáil a bheadh déanta de ghloine agus de chruach dhosmálta, faoi mar atá i gceist lenár Spuaic féin i mBaile Átha Cliath agus leis an iliomad foirgneamh eile nua-aoiseach.
Sílim féin gur gá a gceart a thabhairt don phobal cráifeach Críostaí a thóg an ardeaglais an chéad lá riamh, agus nach foláir fanacht dílis don oidhreacht Chríostaí lenar bhain siad dá bharr. Meabhróidh mé thíos an obair éachtach a rinne creidmhigh i gcaitheamh na mblianta chun an ardeaglais agus cinn eile dá leithéid a thógáil.
Thiar sna meánaoiseanna, ní mór cuimhneamh go raibh uirlisí tógála thar a bheith bunúsach acu i gcomparáid leis an lá inniu, agus dálaí oibre i bhfad níos dúire agus níos baolaí. Is beag réamhchúram sábháilteachta a thógadh na fir oibre agus iad ag dreapadh suas agus síos le linn obair thógála, cuir i gcás, agus is iomaí timpiste a tharla dá bharr.
Ach is cosúil gur thug oibrithe na linne faoin obair seo go fonnmhar in ainneoin í a bheith chomh dáinséarach, crua agus fadálach sin, agus in ainneoin nach bhfeicfeadh a bhformhór toradh deireanach a saothair toisc gur thóg sé timpeall 180 bliain an ardeaglais a chríochnú (tosaíodh in 1163).
An t-aon chaoi gur féidir linn díocas agus dionghbháilteacht na n-oibrithe seo a thuiscint ná trí chuimhneamh ar an mbunchúis gur thug siad faoi: chun Dia a ghlóiriú. Bhí siad beo sna meánaoiseanna, Ré an Chreidimh, nuair a bhí ómós agus eagla i leith Dé fós forleathan agus fonn ar dhaoine an deis a thapú dea-oibreacha a dhéanamh ar a Shon. Bhíodh creideamh simplí go leor ag mórán den phobal, iad ag guí chun na naomh ag iarraidh orthu idirghabháil dhíreach nó gar a dhéanamh ar a son, agus iad ag súil go gcúiteofaí iad ar neamh as dea-oibreacha a dhéanamh ar talamh.
Is sampla é Notre Dame de stíl mhaorga Ghotach na hEaglaise nuair a bhí sí in ard a réime agus a raibh mar aidhm aici urraim agus ómós i leith Dé a spreagadh sa phobal creidimh. Tógadh foirgnimh naofa dá sórt chun cabhrú leis an lucht creidimh a n-intinn a dhíriú ar nithe spioradálta agus ar an saol atá le teacht. Is chuige sin freisin a d’úsáidtí liotáirge ómósach, urraimeach: bhaintí leas as Laidin, túis, éadaí galánta an tsagairt, fuinneoga maisithe ildaite, cantaireacht Ghreagórach, agus dealbha feiceálacha chun aigne an phobail a ardú i dtreo na bhflaitheas. Is chun freastal ar áilleacht agus ar rúndiamhra an liotáirge úd a tógadh ardeaglaisí ar nós Notre-Dame.
Sa leabhar Histoire de l’Église le Louis Saltet tá cur síos dochreidte ar oilithreacht a rinne grúpa creidmheach ón tuath i dtreo Ardeaglais Notre Dame a bhí á tógáil sa 12ú haois. Aistear fada crua a bhí ann, agus earraí troma tógála á n-iompar acu sna carráistí, ach ba chuma leis na hoilithrigh faoi sin – go deimhin, dá dhúshlanaí a bhí an oilithreacht is ea ab fhearr é mar dheis dóibh é chun aithrí a dhéanamh as a bpeacaí.
Bhíodh sagart i bhfeighil ar gach carráiste, é ag impí ar an lucht taistil chun aithrí agus chun faoistine, agus ag iarraidh orthu maithiúnas a thabhairt dá chéile as aon éagóracha a bhí déanta acu ar a chéile. Agus na carráistí stoptha, théadh daoine síos ar a nglúine chun moladh a thabhairt don Mhaighdean Mhuire (Notre Dame) agus maithiúnas Dé a lorg, ina measc daoine a bhí tinn, balbh nó easlán.
Tar éis dóibh an láithreán tógála in Paris a bhaint amach, chóirídís na carráistí os comhair na hardeaglaise sa chaoi go bhféadfaidís bigil a dhéanamh ar feadh na hoíche, iad ag urnaí agus ag canadh iomann le chéile, agus coinnlí agus tóirsí lasta acu mar fhoinsí solais.
Leagtaí na hothair agus na heasláin amach ar na carráistí taobh le taisí na naomh le súil go leigheasfaí iad. Dhéanadh na sagairt agus na cléirigh eile mórshiúlta sollúnta agus an pobal creidimh á leanúint ina sluaite, iad ar fad ag iarraidh trócaire ar Dhia agus ar an Maighdean Mhuire agus ag impí orthu na heasláin a bhí tugtha leo a leigheas.
De réir a chéile, bunaíodh oird naofa chun cúram a dhéanamh de na tógálaithe a bhí ag obair ar na hardeaglaisí. Dhéanadh baill na n-ord seo earraí tógála a iompar sna carráistí i dtreo na láithreacha tógála agus soláthar bia agus dí (arán agus fíon) a chur ar fáil do na tógálaithe.