Fanfaidh mé

Cén fáth a gcaithfidh mise bheith beo le daoine eile a choinneáil sásta?

 

Tá mé miserable

 

Tá mé uaigneach

 

Tá mé tuirseach

 

Níl mé sásta le rud ar bith i mo shaol 

Agus níl duine ar bith ag iarraidh sin a thuigbheáil

Tá aithne agam ar lear mór daoine 

Agus bíonn cara i gcónaí agam

 

Ach ní bhíonn duine ar bith ann ag deireadh an lae

Le hinsint dom go mbeidh gach rud maith go leor

Ní bhíonn duine ar bith ann le barróg a bhreith orm 

Agus mé ag caoineadh dheora mo chinn 

Níl fucking duine ar bith ann

 

So Cén fáth, mar sin, a gcaithfidh mise bheith beo?

 

Bhí mo sháith agam den saol seo

Den domhan seo

Agus díom féin.

 

Ach dá gcuirfinn deireadh leis an rud ar fad

Dá gcuirfinn deireadh liomsa

Bheadh achan uile dhuine a bhfuil aithne agam orthu ag fulaingt 

Cosúil liomsa

 

Agus Níl mé in ann sin a dhéanamh

 

So fanfaidh mé

Fanfaidh mé sa dorchadas ag súil go dtiocfaidh deireadh leis

 

Go dtiocfaidh deireadh leis an saol seo 

 

Go dtiocfaidh deireadh leis an domhan seo 

 

Nó go dtiocfaidh deireadh liom féin


Má chuaigh an dán seo i bhfeidhm ort is féidir cúnamh a lorg ó ar 116 123 nó ar 028 9146 4646

SCÉALTA EILE