Tá feachtas nuasheolta ar Twitter inniu faoin haischlib #FilíochtnaMáirt chun tuilleadh filíochta a spreagadh agus a roinnt ar líne gach Máirt. Míníonn Ciara Ní Éanacháin dúinn cad go díreach atá i gceist leis.
Is maith liom an t-idirlíon, go háirithe Twitter, agus is maith liom filíocht chomh maith.
An dtagann an dá ghrá sin salach ar a chéile?
An drochrud é teacht an idirlín don fhilíocht?
Tuigimid uile gur iomaí teach foilsitheoireachta atá i mbaol mór faoi láthair mar gheall ar a laghad daoine a cheannaíonn leabhair fós.
Ach an gcreidfeá go bhfuil níos mó á léamh ag daoine timpeall na cruinne sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh cheana?
Tá sé fíor, agus fíor faoin Ghaeilge chomh maith.
Na laethanta seo is minic duine a bheith ag léamh ó mhaidin go hoíche!
Ach anois léitear téacsanna, tweetanna agus tráchtanna seachas leabhair nó nuachtáin.
“Ní léitheoireacht é sin,” a deir tú.
“Cainníocht seachas cáilíocht!”
B’fhéidir gur fíor sin i roinnt cásanna.
Ach, ag brath ar cé a leanann tú, d’fhéadfá Twitter an-liteartha go deo a chruthú timpeall ort, le sruth lán d’fhocail dheasa fhileata.
D’fhéadfá sleachta laethúla a fháil as saothair Ghabriel Rosenstock (@RoghaGabriel), taitneamh a bhaint as greann iontach an fhile Marcus Mac Conghail (@mac_conghail) agus is féidir brath ar Dhoireann Ni Ghríofa (@DoireannNiG) le naisc mhaithe a roinnt go rialta.
Ní mór duit @iriscomhar agus @poetryireland a leanúint chomh maith le tú féin a choinneáil ar an eolas maidir le himeachtaí agus foilseacháin agus @reic más spéis leat an fhilíocht iontach úrnua a fheiceáil amuigh sa bhfíorshaol.
Ach go deimhin, níl ort bheith ag brath ar dhánta dhaoine eile le Twitter a líonadh le filíocht.
Céard faoi do dhán féin a chumadh as an nua?
Má tá drogall ort sin a dhéanamh láithreach bonn, mholfainn mar thús cuairt a thabhairt ar PoetTweet.
Píosa spraoi atá sa suíomh seo a chuardaíonn do chuid tweetanna agus a chruthaíonn dán astu.
Bíonn rogha agat idir trí fhoirm éagsúla: Sonnet, Rondel nó Indriso.
Feachtas Filíochta Nua ar Twitter
Agus is seoladh é an t-alt seo ar haischlib nua – #FilíochtnaMáirt
Is fada ó Fhilíocht na mBard atáimid anois ach cuirimis tús le chéile le nós úr a spreagfaidh muid chun filíocht a roinnt agus a chumadh.
An plean ná go roinnfear rannta (i nGaeilge!) ar an sruth #FilíochtnaMáirt gach Máirt as seo amach.
Is togra pobail é seo agus tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh ann agus filíocht d’aon chineál a roinnt; scríofa ag file eile (má tá cead!), féinscríofa, aistrithe ó theanga eile, sean nó nua, agus i stíl ar bith.
Seo mo tvuít #FilíochtnaMáirt: ‘Ní Ceadmhach Neamhshuim’ le #SeánÓRíordáin (via @mac_conghail via @aonghusoha) https://t.co/hXlUPw7K4S
— Ciara Ní É (@MiseCiara) December 15, 2015
Tugann an tweet a fhad le dán le Seán Ó Ríordáin ‘Ní Ceadmhach Neamhshuim’ tú, a chonaic mé ar bhlag ‘Smaointe Fánacha Aonghusa’ le hAonghus Ó hAlmhain.
Ach conas is féidir dán iomlán a scríobh taobh istigh de 140 carachtar?
Tá cúpla rogha agat:
– Pioc dán gearr le roinnt – sin do chéad rogha agus an ceann is simplí is dócha.
– D’fhéadfá rann nó an líne is fearr leat a phiocadh agus é sin a roinnt.
– Más maith leat dán níos faide a roinnt ina iomláine, d’fhéadfá úsáid a bhaint as nasc, má tá sé foilsithe ar shuíomh éigin cheana, nó do ghrianghraf féin den leathanach a chrochadh leis an tweet.
– Nó, go deimhin, d’fhéadfá píosa spraoi a bheith agat agus iarracht a dhéanamh an dán a athscríobh in oiriúint do ghontacht Twitter.
Giorrúcháin, acrainm, nó athscríobh iomlán, agus ná dearmad go bhfuil Emojis ann chomh maith le cuidiú a thabhairt duit.
Ar aghaidh linn le #FilíochtnaMáirt!