Féile an tSrutháin
Ag tosú Aoine 20 Lúnasa @18:00
Ar an gCeathrú Rua i gConamara an deireadh seachtaine seo, beidh Féile an tSrutháin ag tarlú agus imeachtaí ann gach lá ar feadh trí lá. Beidh comórtas iascaireachta ann chomh maith rásaí bád agus imeachtaí eile, agus duaiseanna le baint ann!
Léacht faoi Bhailiúchán Annie Woods
Satharn 21 Lúnasa @13:00
Beidh léacht faoin mbailiúchán a bhí ag Annie Woods ar siúl i Músaem Cathrach na Gaillimhe amárach mar chuid de Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta na hÉireanna. Beidh míreanna ón léacht ar taispeáint sa Mhúsaem go luath freisin.
Tuilleadh eolais ar-líne.
Féile Mheánaoiseach Bhaile Locha Riach
Domhnach 22 Lúnasa @13:00
Beidh físeán ar chúrsaí ealaíne, ar cheardaíocht agus ar an oidhreacht chomh maith le físeáin trína ina léireofar ré na meánaoise san Ungáir agus sa chathair mheánaoiseach Győr agus go leor leor eile.
Craolfar an imeacht ar Facebook.
Seoladh Leabhar: Eachtra ar Oileán na Rún
Domhnach 22 Lúnasa @22:00
Seolfar leabhar nua an Ollaimh Brian Ó Broin an deireadh seachtaine seo ag ócáid de chuid Chraobh Chumar an Dá Uisce Chonradh na Gaeilge. Is ar -líne a bheidh an ócáid ar siúl.
Cláraigh trí r-phost a chur chuig tworiversgaelicleague@gmail.com
Dianchúrsa Gaeilge Liú Lúnasa
Ag tosú Déardaoin 26 Lúnasa
Mar chuid de Liú Lúnasa, tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag reáchtáil Dianchúrsa Gaeilge. Is bealach iontach é dianchúrsa le cur le do chuid scileanna teanga taobh istigh de thréimhse ghairid. Cúrsa spreagúil lán eolais a bheidh ann agus gcothóidh an cúrsa seo muinín ionat do chumas sa Ghaeilge a thabhairt go leibhéal eile.
Clárúchán do gach leibéal anseo.