Féile Ceoil Bhaile na nGall ar siúl an deireadh seachtaine seo

Beidh ceol, caint, agus craic ann i mBaile na nGall i nGaeltacht Chorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo agus ‘Féile Ceoil Bhaile na nGall’ á reáchtáil ann den dara bliain. Osclófar an fhéile go hoifigiúil san oíche amárach ag 19.00 i dTigh TP ag 19.30 agus beidh ceol agus amhránaíocht ann óna 20.00 i dTeach Siamsa agus i dTigh TP féin.

Beidh ceoltóirí agus amhránaithe na háite chomh maith le haíonna ó cheantracha eile Gaeltachta i gCorca Dhuibhne ar feadh an deireadh seachtaine – Domhnall Ó Braonáin an tí seo ina measc – le siamsaíocht agus ceol a chur ar fáil dóibh siúd a bheidh in Iarthar Duibhneach faoi Cháisc.

Maidin Dé Sathairn beidh an saoi focal agus frásaí Toose ina shuí Tigh TP le ciorcal comhrá a stiúradh ón 11.00. Beidh Aogán agus Caitríona Uí Loingsigh san ionad céanna ag 15.00 agus beidh seisiún oscailte le Seán Óg Potts agus a chairde trasna an bhóthair i dTigh Bheaglaoich. Níor deireanaí an tráthnóna sin beidh seisiún amhránaíochta ann le muintir Chorca Dhuibhne – Sláine Ní Chathalláin s’againn féin ina measc, i dTigh TP agus rince seite le Breanndán Óg Ó Beaglaoich, agus Eoin agus Niall Ó Beaglaoich i dTigh Bheaglaoich. Amach san oíche beidh tuilleadh ceoil ann ó Kyle Macauley agus Méabh Ní Bheaglaoich i dTigh TP, Diarmaid, Colm agus Éamonn Ó Meachair i dTigh Uí Bheaglaoich, agus an banna ceoil Ispíní na hÉireann i Halla na Muirí.

Ar na hamhránaithe sean-nóis a bheidh le cloisteáil ag an oíche mhór amhránaíochta agus cheoil i dTeach Siamsa na Carraige beidh Sláine Ní Chathalláin, Domhnall Ó Braonáin, Áine Uí Laoithe, Eilín Ní Chearna, agus Páidí Mharthainn Mac Gearailt. Is í Róisín Ní Chéileachair ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina bean tí.

Beidh Toose ann arís Domhnach Cásca ag 11.00 leis an gciorcal comhrá a chur sa tsiúl arís sula gcuirfidh muintir chontae an Chabháin tús le ceol an lae ag 15.00 i dTigh Uí Bheaglaoich agus Muireann Nic Amhlaoibh agus Jerry O’Beirne i dTigh TP. Beidh ceol sna hionaid éagsúla tráthnóna Dé Domhnaigh ó Aoife agus Deirdre Ní Ghrainbhéil, Méabh Ní Bheaglaoich, Kyle Macauley, Nicole Ní Dhubhshláine, Niamh Varian-Barry, Liam O’Connor, Cormac Ó Beaglaoich, Eoin Ó Beaglaoich, agus Andrea Palandri. Is iad muintir Bheaglaoich a chuirfidh clabhsúr le himeachtaí na féile le coirm cheoil ag 22.30.

 

SCÉALTA EILE