Tá tús á chur i nDoire anocht le Féile Chaoimhín Uí Dhochartaigh, féile cheoil thraidisiúnta atá anois ceithre bliana ar an fhód.
Ceoltóir aitheanta ón chathair ab é Caoimhín a fuair bás in 2009 agus ó shin i leith tá muintir Dhoire ag teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar a shaol agus ar an traidisiún a raibh a chroí istigh ann.
Anocht i gCultúrlann Uí Chanáin, príomhionad na Gaeilge sa chathair, beidh malartú speisialta ann le hamhránaithe as Éirinn agus Alban ag roinnt a gcuid amhrán.
Ina measc beidh Griogair Labhruidh, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Séamus Ó Beaglaoich, Mary Ann Kennedy, Ríoghnach Connolly, Kevin Mitchell agus Mischa Macpherson.
Oíche Aoine beidh ceolchoirm ar leith ann in ómós do Chaoimhín agus ansin Dé Sathairn cuirfear ‘A Study in Strings’ sa tsiúil, imeacht a dhéanfaidh scrúdú ar na féidearthachtaí éagsúla a bhaineann le téaduirlisí agus ina mbeidh We Banjo 3 (thuas), Nollaig Casey, Arty McGlynn agus Bríd Harper ar ardán ann.
Chomh maith leis na ceolchoirmeacha, beidh ceardlanna, máistir-ranganna, cúrsaí teanga agus seisiúin bhríomhara cheoil mar chuid den spleodar.
Tá clár iomlán na féile agus ticéid ar fáil anois ó Chultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire nó ar líne ag culturlann-doire.ie