Tá críoch á cur leis na hullmhúcháin ar Inis Oírr faoi láthair agus an fhéile bhliantúil ‘Craiceann’ sa tsiúl ón Luan seo chugainn, 28 Meitheamh, go ceann cúig lá.
Tá a fhios againn cad atá ar intinn agaibh a Nósadóirí ach ní hiad na cúrsaí craicinn céanna atá á gceiliúradh ag an fhéile bheag spleodrach seo.
Do dhuine ar bith a chuala caint mar gheall ar an fhéile ‘Craiceann’ cheana, tuigfidh sibh gur mó craiceann gabhair ná craiceann ar bith eile a bheith le feiceáil le linn na féile.
Is é sceithe ghabhair (goatskin), an craiceann a mbíonn lucht an bhodhráin go mór ag brath air le haghaidh a gcuid drumaí, a spreag ainm na féile.
Féile cheoil í Craiceann, ar cuireadh tús léi thiar sa bhliain 2001, atá dírithe ar scileanna bodhráin, idir óg agus aosta, a fheabhsú.
Le blianta anuas tá os cionn míle drumadóir as Éirinn agus as tíortha an domhain mhóir ag teacht go hInis Oírr gach bliain le freastal ar na ranganna agus le sult a bhaint as siamsa na féile.
Mar aon le ranganna bodhráin, bíonn léachtaí ar siúl faoin uirlis agus ceardlanna i ndéantús bodhráin.
Ar cheann de bhuaicphointí na seachtaine tá an cheolchoirm mhór, ina mbíonn lucht na féile uile páirteach.
Ich habe ein @YouTube-Video positiv bewertet: https://t.co/YoJAepYckz Final concert Craiceann 2015
— TheRealMotherfolkers (@RealMotherfolk) June 9, 2016
Tá áit ar leith ag an sean-nós san fhéile chomh maith, agus déantar traidisiún agus oidhreacht láidir amhránaíochta agus damhsa Inis Oírr, agus Chonamara go deimhin, a chur chun cinn sna ranganna damhsa, portaireacht béil agus amhránaíochta.
I measc na dteagascóirí i mbliana beidh an drumadóir aitheanta agus fear na mbuillí le Beoga, Eamon Murray (thíos ar dheis), agus é “tnúth go mór leis an tseachtain chraiceáilte” ar Inis Oírr.
“Níl aon áit le dul ar teitheadh agat ar an oileán,” arsa Eamon le gáire.
“Níl a fhios agam an bhfuil sé tábhachtach don uirlis go mbeadh féile dírithe ar an bhodhrán amháin ach is cinnte go bhfuil spraoi mór i gceist leis.”
“Dá dtabharfadh aon uirlis eile isteach san áireamh ag an phointe seo, níorbh í an fhéile chéanna a bheadh inti.”
Beidh Beoga ag cur ceoil óna n-albam nua-sheolta ‘Before We Change Our Mind’ i láthair ag a gceolchoirm in Áras Éanna, Dé Máirt, 28 Meitheamh ag 8in, atá á reáchtáil mar chuid den fhéile. €15 ar thicéad. Tuilleadh eolais faoin fhéile anseo.