Féile Ghrianstad an tSamhraidh le ceiliúradh ar líne ag an gCultúrlann

Beidh ceolchoirm beo ar líne d’fhéile Ghrianstad an tSamhraidh á reachtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste ar an Aoine seo, 19 Meitheamh ag 20:30.

Seo an dara ceolchoirm sa tsraith ar líne ina gceiliúrtar féilte Ceilteacha na tíre seo. Bhí ráchairt mhór ar fhéile na Bealtaine a craoladh ar líne an mhí seo caite. 

“Cé go bhfuil srianta an rialtais de bharr Covid-19 á scaoileadh, tá daoine go fóill sa toir ar shiamsaíocht gur féidir sult a bhaint as ón tolg. Beidh réimse leathan ceoil, filíochta agus scríbhneoireachta againn, ó ealaíontóirí agus ceoltóirí ar fud fad na tíre, agus cé nach bhfuil na srianta chomh dian sin anois, tá muid ag súil go mbeidh daoine go fóill ag iarraidh fanacht sa teach agus sult a bhaint as an fhéile ón bhaile,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail, a bheidh ina bean an tí ar an oíche.

Beidh ceol ar siúl ó Mhairéad Ní Mhaonaigh, Jack Warnock, an tAlbanach Ellen MacDonald agus an banna ceoil Lonesome George, chomh maith le filíocht agus píosaí cainte ó Chiara Ní É agus Myra Zepf, agus beidh Tomaí Rua Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS, ag roinnt stair na féile, lena cheiliúrtar an lá is faide sa bhliain.

“Ba mhaith leis an Chultúrlann spás a chruthú do Ghaeil ionas go dtig leo nascadh lena n-oidhreacht, leis na seanGhaeil agus leis an traidisiún a bhí againn na céadta blianta ó shin. Tá go leor daoine ag déanamh athcheangail leis an teanga agus leis an chultúr Gaelach agus tá sé tábhachtach dúinne go mbeidh an deis ag daoine, go hairithe foghlaimeoirí, nascadh leis an oidhreacht sin.

“Déantar ceiliúradh ar fhéilte ar nós Oíche Fhéile Eoin sa Ghaeltacht agus faoin tuath níos mó ná sa chathair, agus ba mhaith linn a deis a thabhairt don phobal theacht le chéile agus sult a bhaint as na traidisiúin Ghaelacha seo,” a dúirt Caoimhe le NÓS.

Beidh nasc PayPal ar fáil ar an oíche agus cuirfear fáilte roimh shíntiúis. Rachaidh an t-airgead uilig a bhaileofar chuig na ceoltóirí agus na healaíontóirí atá ag comhoibriú leis an Chultúrlann.

“Tá sé aisteach nach bhfuil an Chultúrlann ar oscailt, ach ba mhaith linn tacú leis an phobal agus leis na ceoltóirí, filí agus scríbhneoirí nach bhfuil ábalta a bheith ag obair faoi láthair,” a dúirt sí.

Beidh an cheolchoirm le fáil ar Facebook agus ar YouTube Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an Aoine bheag seo ag 20:30. 

SCÉALTA EILE