Cuirfear tús anocht le féile nua leabhar i nGaeltacht na Gaillimhe — Féile Leabhar Chois Fharraige. Déanfar ceiliúradh ar nua-litríocht agus cumadóireacht nua-amhrán ón oíche anocht go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh agus scoth na scríbhneoirí agus amhránaithe Gaeltachta i láthair.
Is é seo an chéad uair a bheidh Féile Leabhar Chois Fharraige ar siúl agus súil ag lucht a heagraithe an litríocht agus an amhránaíocht a chur chun cinn sa gceantar. I measc na scríbhneoirí as an áit a bheidh i láthair, beidh Bridget Bhreathnach, Áine Durkan, Máire Holmes, Gemma Breathnach, Máire Uí Eidhin, Jackie Mac Donncha, Áine Durkan, agus Frank Reidy, chomh maith le Liam Mac Cóil a thiocfaidh anoir as Gaeltacht na Mí don deireadh seachtaine.
Tá clár leathan leagtha amach ag lucht eagraithe na féile agus imeachtaí beartaithe d’ionaid éagsúla i gCois Fharraige. Seolfar an fhéile anocht Tigh Mholly in Indreabhán mar a mbeidh an scríbhneoir taistil Frank Reidy ag plé a leabhar Ó Chósta go Cósta agus Seal san Aetóip: Sa Tóir ar Airc an Chonartha.
Amárach beidh an t-úrscéalaí mór Liam Mac Cóil, a bhfuil gradaim go leor buaite aige dá shaothar ficsin, ag labhairt Tigh Mholly arís faoina shraith úrscéalta staire An Litir agus I dTír Strainséartha, an chéad dá leabhar atá foilsithe go dtí seo. Tá súil leis an gcéad imleabhar eile in eachtraí Liam Uí Bhriain go luath.
I Leabharlann an Spidéil, beidh an t-údar Gemma Breathnach, a bhíonn ag obair le Futa Fata, i mbun seisiún léitheoireachta do ghasúir idir cúig agus ocht mbliana d’aois. Is gá tuismitheoir nó caomhnóir a bheith ag gasúir a fhreastalóidh ar an imeacht seo.
Dáithí Ó Muirí agus Jackie Mac Donncha a bheidh i mbun cainte Tigh Mholly tráthnóna Dé Sathairn agus sleachta óna saothar á léamh go poiblí ag na gearrscéalaithe. Is ar cheird na gearrscéalaíochta a dhíreofar sa bplé poiblí a bheidh ar mbun i ndiaidh na léitheoireachta.
Tharraing an leagan Connachtach de Cúirt an Mheán Oíche a aimsíodh inniu go leor cainte, ach is cúirt de chineál eile a bheidh ar siúl Tigh Mholly tráthnóna Dé Domhnaigh agus Máire Holmes, Áine Durkan, agus Máire Uí Eidhin ag Cúirt Filíochta na Féile, mar a mbeidh ‘maidhc oscailte’ ina dhiaidh d’fhilí ar mhaith leo a saothar féin a roinnt.
Beidh seisiún eile scéalaíochta, do ghasúir atá ruainne beag níos óige, ar siúl ag Bridget Bhreathnach in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Indreabhán níos deireanaí sa ló.
Tá chuile imeacht de chuid na féile saor in aisce seachas an choirm cheoil a bheidh ar siúl sa Seanscoil ag 21.00 oíche Dé Sathairn. Beidh Pádraig Jack, Róisín Seoighe, agus IMLÉ, ceoltóirí a bhíonn ag cumadh ceol nua comhaimseartha i nGaeilge, ar an ardán agus costas €12 ar thicéad.
Is Árannach é an cumadóir amhrán Padraig Jack. Bíonn sé ag gigeáil timpeall na tíre agus bhí sé mar cheoltóir taca ag gigeanna na Saw Doctors, Donal Lunny, Mick Flannery, The 4 of Us agus John Spillane. Bhuaigh sé an dara duais sa Chomórtas Amhránaíochta PanCheilteach leis an amhrán “I bhFostú sa bhFiántas”. Chas sé a amhrán “Brú Do Bhealach Féin” ar an gclár faisnéise “Lig Liom” le Bláthnaid Ní Chofaigh a craoladh ar RTÉ 1 níos luaithe i mbliana.
Is as Ros an Mhíl do Róisín Seoighe. Ag aois a 16 bliana bhuaigh sí an chéad duais náisiúnta i gComórtas Amhránaíochta PREDA 2015 lena hamhrán dátheangach “Freedom Song”. Tá ardmholadh tugtha ag an amhránaí clúiteach Damien Dempsey di. Bronnadh gradam na hirise NÓS uirthi don amhrán nuachumtha ab fhearr ag Scléip Gael Linn 2018. Faoi láthair tá sí ag glacadh páirte sa seó “Aisling?” atá ar camchuairt timpeall na tíre.
Is banna ceoil nuálach é IMLÉ atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, cé gur as Casla do Phádraig Ó Conghaile, amhránaí leis an ngrúpa. Bíonn meascán de rapcheol, filíocht agus ceol nua-aimseartha acu i stíl nár chualathas mórán de i nGaeilge go dtí seo. Sheinn iad ag an Electric Picnic, Féile na Bealtaine, Liú Lúnasa, IMRAM agus i mbliana ag Celtic Connections i nGlaschú áit a raibh an teach lán. Tá siad ag obair ar an dara halbam le Gael Linn faoi láthair.