Féile na Bealtaine agus imeachtaí eile

Féile na Bealtaine

30 Aibreán – 3 Bealtaine

Tá an samhradh buailte linn ar deireadh agus tá muintir Chorca Dhuibhne á réiteach féin le haghaidh ‘Féile an Bealtaine’ an deireadh seachtaine seo. Seo an dara bliain as a chéile nach mbeidh na sluaite ag tarraingt ar an gceantar, ach tá clár maith curtha le chéile ag lucht eagraithe na féile lán imeachtaí agus taispeántais ar féidir freastal orthu go haonarach nó go digiteach. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na féile.

Seoladh Leabhair: ‘Ceann Fhaoladh’ le Brian Ó Baoill 

Brian Ó Baoill 2021. Pic: Seán Ó Mainnín

Satharn 1 Bealtaine @19:00 

Tá úrséal nua scríofa ag Brian Ó Baoill faoi Cheann Fhaoladh, rí a mhair sa seachtú haois. Bunaithe ar shaol agus ar scríbhinní Cheann Fhaoladh atá an leabhar nua. Úrscéal staire atá in Ceann Fhaoladh ina measctar an stair agus béaloideas na háite. Beidh an t-údar, Brian Ó Baoill, an seandálaí agus staraí Brian Lacey, an léachtóir Síobhra Aiken ó Ollscoil na Banríona, an scríbhneoir Deborah Ní Ghibhne, agus an t-amhránaí as Gaeltacht Thír Chonaill Conor Ó Gallchóir ar an bpainéal cainte ag an seoladh amárach. 

Is féidir clárú ar Eventbrite.

Agallamh le hAngus Lambkin 

Domhnach 2 Bealtaine @20:00 

Beidh Réamonn Ó Ciaráin ag labhairt le Angus Lambkin, atá lonnaithe in Burundi leis na Náisiúin Aontaithe faoi láthair, faoina chuid oibre ag cuidiú le géarchéimeanna éagsúla i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá an ócáid seo á heagrú ag Aonach Mhacha, lárionad na Gaeilge in Ard Mhacha. 

Is féidir breathnú ar an agallamh ar Facebook.

Ceardlanna Scríbhneoireachta 

Sprioc-dháta Céadaoin 5 Bealtaine 

Tá ceardlanna á n-eagrú ag Cló Iar-Chonnacht ar Zoom do scríbhneoirí Gaeilge. Beidh deis ag na scríbhneoirí píosaí nua a fhorbairt agus bualadh le scríbhneoirí́ eile. Beidh ceardlann ar an bhfilíocht ar siúl ar an 10 Bealtaine ag 19:00 agus ceann ar an bprrós ag an am céanna ar an 17 Bealtaine. 

Is gá ríomhphost a chur chuig moccic22@outlook.com ag léiriú spéise roimh an 5 Bealtaine. 

Seoladh ar Cheiliúradh 30 Bliain na Cultúrlainne 

Déardaoin 6 Bealtaine @20:00 

Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus tá ceiliúradh ar siúl ar feadh na bliana. Seolfar an ceiliúradh go hoifigiúil Déardaoin seo chugainn agus clár lán siamsaíochta curtha le chéile ag foireann an ionaid.

Craolfar an seoladh ar Facebook https://www.facebook.com/AnChulturlann