An tseachtain seo chugainn cuirfear tús le ‘Féile na Gaeilge 2022’, a bheas á reáchtáil ag an gcomhlacht Let’s Learn Irish a bunaíodh i Washington DC i 2016. Beidh an fhéile ar bun idir an 18-22 d’Aibreán agus beidh meascán hreá imeachtaí ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge ar Zoom.
Tá an imeacht seo á reáchtáil ionas go ndéanfar ceiliúradh ar phobal Let’s Learn Irish agus ar a gcuid leantóirí ar fud na cruinne. Déanann Let’s Learn Irish freastal cuimsitheach ar fhoghlaimeoirí ag chuile leibhéal trí na himeachtaí a bhíonn acu chun an Ghaeilge a spreagadh. Cuireann siad réimse bhreá seirbhísí agus ceardlann ar fáil dá gcuid leantóirí agus bíonn neart acmhainní, ranganna agus an Club Comhrá acu i rith na seachtaine.
Labhair NÓS le Aimée Ní Chonaing faoin obair atá á déanamh aici leis an gcomhlacht agus agus thug sí léargas saibhir faoin obair a dhéanann Let’s Learn Irish.
“Thosaigh mé ag obair le LetsLearnIrish le tamaillín anuas agus caithfidh mé a rá go dtaitníonn sé go mór liom agus go gcuireann siad seirbhísí ar fáil ar líne ar nós ranganna, club comhrá agus ceardlanna fá choinne foghlaimeoirí ar fud fad na cruinne.
“Ach sílim go seasann LetsLearnIrish amach mar gheall go bhfuil sé mar phríomhaidhm acu pobal a chruthú fá choinne na bhfoghlaimeoirí agus Gaeilgeoirí thar lear. Ní neart go cur le chéile agus tá an coincheap fite fuaite le misean an chomhlachta,” a dúirt Aimée.
I measc na n-imeachtaí a bheas á reáchtáil ar Zúm acu, beidh ceardlann ar ‘Stair an Cheoil Thraidisiúnta Ghaelaigh’, ‘Rang Seapáinise trí Ghaeilge’, ‘Naughty Irish Night’ agus níos mó.
“Tugann sé deis do Ghaeilgeoirí teacht le chéile chun an teanga agus a scileanna nua a chleachtadh agus a cheiliúradh ar dhóigh spraíúil agus taitneamhach,” a dúirt Aimée.
Tá tuilleadh eolais faoin bhféile ar fáil ar an suíomh idirlín agus ó leathanaigh meán sóisialta Let’s Learn Irish.