Ceiliúrfar an Ghaeilge ag ócáid mhór chultúir agus teanga i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Beidh ‘Féile na Gaeilge’ á reáchtáil ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar Dhuga Sheoirse ag Cé Theach an Chustaim ar feadh an lae Dé Domhnaigh.
Gealltar “réimse leathan” d’imeachtaí agus spraoi do chainteoirí Gaeilge idir óg agus aosta saor in aisce. I measc na n-imeachtaí atá ar an gclár, tá ceardlanna bodhráin leis an gceoltóir aitheanta Rossa Ó Snodaigh ó Kíla, ranganna damhsa ar an sean-nós, seisiúin scéalaíochta agus taispeántas scannán Gaeilge. Beidh Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Muireann McDonnell, ghlac páirt in Eoraifís na nÓg, agus Cian Mac Gearailt, a bhíonn le feiceáil ar fhíseáin Choláiste Lurgan, i mbun ceoil ar an lá.
Beidh imeachtaí speisialta ar bun do pháistí óga freisin, péinteáil aghaidhe, timpeallán spraoi agus cuairt ó “shióg speisialta” ina measc.
Tá an ócáid á reáchtáil ag an gComhairle Cathrach mar chuid de Bhliain na Gaeilge, atá ar siúl ar feadh na bliana seo le ceiliúradh a dhéanamh ar Athbheochan na Gaeilge ó 1893 i leith. Dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha, gur “imeacht den scoth” a bheidh i bhFéile na Gaeilge.
“Tabharfaidh sé deis do mhuintir Átha Cliath, idir óg agus aosta, ár gcultúr, a aithnítear fud fad na cruinne, a bhlaiseadh. Is príomhghnéithe ó stair na tíre iad scéalaíocht agus ceol agus is iontach an rud é go bhfuileadar á gceiliúradh againn i gcroílár Bhaile Átha Cliath,” a dúirt an tArdmhéara.
Tá tacaíocht curtha ar fáil ag Bliain na Gaeilge don ócáid agus dúirt Síomhá Ní Ruairc, atá ag comhordú na n-imeachtaí i mbliana, go bhfuil súil aici go gcabhróidh an fhéile agugs imeachtaí eile dá leithéid deiseanna a chur ar fáil do mhuintir na cathrach a gcuid Gaeilge a úsáid.
“Is ceann de na deiseanna seo í Féile na Gaeilge, agus is lá iontach lán spraoi do theaghlaigh a bheidh ann. Tá an-áthas orainn gur féidir linn a bheith páirteach in imeacht chomh spleodrach leis seo.” a dúirt sí.