Féile na Gealaí agus ceithre imeacht eile

Féile na Gealaí, Ráth Chairn 15, 16 Meitheamh ‘18

Táim ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine, nuair a bheidh mé ag tabhairt cuairte ar Ráth Chairn álainn gréine na Mí…agus mé ag súil gur grianmhar a bheidh sé d’imeachtaí  na laethanta romhainn! Seo an tríú bliain d’Fhéile na Gealaí a bheith ar bun agus féile na bliana seo níos mó ná mar a bhí riamh! Dhá lá lán imeachtaí atá beartaithe, le ceol beo, ceardlanna, bia breá blasta agus comhluadar na nGael!

Kneecap, Las agus Na Hot Toddies cuid de na grúpaí ceoil a bheidh le clos oíche Aoine; Pólca 4, Niteworks agus Imlé atá i measc na siamsóirí a bheidh ar stáitse an tSathairn! Tá ceardlann rince boilg, ceardlann ióga agus imeachtaí speisialta in oiriúint do dhaoine óga ar chuid de na hócáidí a mheall mo shúil chomh maith! Mura bhfuil do thicéad campála fachta go fóill agat, mo léan, táid ar fad díolta — ach is fiú cuardach a dhéanamh ar Twitter – tá cúpla duine feicthe agam ag díol le laethanta beaga anuas. Cuimhnigh chomh maith go bhfuil gach seans ann go gcabhróidh Comharchumann Ráth Chairn libh lóistín oiriúnach sa bhaile a aimsiú, mura mbeireann sibh libh bhur bpuball. Tabhair cuairt ar: rathchairn.com

Táim ag súil le sibh ar fad a fheiscint, lán glitter agus giddies an tsamhraidh. HUP!

Kíla, Connollys, Leap Dé hAoine 15 Meitheamh @ 19:00

Tá Kíla ar camchuairt! Tá an banna spreagúil, bríomhar, ildánach ar an mbóthar ós rud é go bhfuil Tóg É Go Bog É, dlúthdhiosca ceannródaíoch an ghrúpa atheisithe acu! Táid tar éis a bheith ar chláracha go leor, ina measc clár Ray Darcy ar RTÉ Radio One le déanaí. Caith súil ar leathanach Facebook an stáisiúin chun an ceol beo a bhí acu ar an lá úd, agus a gcuid geáitsíochta a chlos agus a fheiscint! Beidh siad i gCorcaigh in ionad ceolmhar Connolly’s sa Léim (Leap), an Aoine beag seo, óna 7 a chlog. As seo go deireadh Lúnasa beidh siad ar an mbóthar — seo na hionaid agus na dátaí! Bí ann leo, mar a déarfaidís féin!

29 Meitheamh – Baile Munna Beo

30 Meitheamh — Amharclann Ghaoth Dobhair;

01 Iúil — Danny Byrnes, An Mhuileann gCearr

06 Iúil — Féile Bare in the Woods, Ceatharlach

08 Iúil — Féile Groove, Bré

20 Iúil — Monroes, Gaillimh

22 Iúil — Townlands Carnival, Corcaigh

17 Lúnasa — Fleadh TV, Droichead Átha

18 Lúnasa —  Amharclann an Crescent, Droichead Átha

25 Lúnasa — Féile Ealaíon Charraig Mhachaire Rois, Muineachán

Dialann Emily Porter – An Jailtacht, seoladh leabhar, leabharlann Dheilginse, Dé Sathairn 16 Meitheamh @ 15.00

Dialann Emily Porter – An Jailtacht, teideal leabhar nua an scríbhneora Richie Conroy, agus seolfar é san ardchathair an deireadh seachtaine seo. Is scéal seoigh greannmhar atá i gceist leis an saothar seo, scríofa i mBéarla agus i nGaeilge, a dhéanann cur síos ar shaol Emily i rith shamhradh na bliana 1994. Mar chuid d’imeachtaí Fhéile Leabhar Dheilginse a sheolfar é, agus is faoi Mary Kingston a bheidh an cúram sin. Tá taithí mhaith ar ghlúin faoi leith againn a bheith ag féachaint ar Mary, óir gurb í a bhíodh ar chláracha do dhaoine óga ar RTÉ Two, le linn m’óige-se ar aon nós! Fear eile a bhíodh go minic ar an scáileán le linn an ama sin ná Don Conroy. Is é atá tar éis na léaráidí a dhéanamh don leabhar seo — athair an údair dála an scéil! LeabhairCOMHAR a d’fhoilsigh.

Fair Plé – Live At St. Luke’s, Cnoc an tSamhraidh Thuaidh, Corcaigh, Dé Sathairn 16 Meitheamh @ 20:00

Tá caint go leor le tamall anuas faoi Fair Plé, a bhfuil sé d’aidhm ag an bhfeachtas cothromaíocht inscne a bhaint amach i ngnéithe éagsúla den gceol traidisiúnta agus tuaithe sa tír seo. Bhí sraith choirmeacha ar bun mar chuid den ngluaiseacht seo an deireadh seachtaine seo caite, agus níl deireadh ag teacht leo ach an oiread! An Sathairn beag seo i gCorcaigh beidh Karan Casey, Pauline Scanlon, The Whileaways, Kate Ellis, Anna Mieke, Julie Goo, Niall Vallely agus scata eile i mbun an cheoil, chun aird a dhíriú ar an gceist seo. Tá an ócáid seo á heagrú mar chuid d’Fhéile Lár Samhraidh Chorcaí.

Pop-Up Gaeltacht, Tyneside Irish Centre, Dé Domhnaigh 17 Meitheamh @ 14:00

Is minic mé ag trácht ar Pop Up Gaeltacht na tíre seo, ach dár ndóigh, tá go leor eile tar éis a bheith ar bun in áiteanna timpeall an domhain mhóir chomh maith! Is in Ionad na nÉireannach i Tyneside a bheidh na Gaeil ag bailiú le chéile ar an Domhnach d’ócáid neamhfhoirmeáilte i mbeár an ionaid. Go n-éirí leo agus faid saoil ar lucht na Pop-Uipe! 

SCÉALTA EILE