D’fhógair Coiste Fhéile na Gealaí tráthnóna nach mbeidh féile an tsamhraidh seo ag dul ar aghaidh mar gheall ar an víreas corónach. Dúradh i ráiteas a eisíodh ar na meáin shóisialta inniu gur “cinneadh crua” a bhí ann ach gur beartaíodh gan dul ar aghaidh leis an bhféile iomráiteach Ghaeltachta an samhradh seo mar gheall ar “na míchinnteachtaí atá sa tír faoi láthair maidir le cúrsaí sláinte”.
“Is doiligh a mheas cá huair a bheas tréimhse ama na hainnise seo tharainn, ach ní shíleann muid gur cheart dúinn a ghabháil sa seans le sláinte phobal Ráth Chairn ná sláinte lucht freastail na féile,” a dúradh sa ráiteas.
Ghabh an coiste buíochas le gach duine a cheannaigh ticéad d’fhéile na bliana seo agus gealladh go ndéanfaí aisíocaíocht leis na daoine sin “sna laethanta amach romhainn”.
Fógraíodh freisin go bhfuil sé i gceist ag an gcoiste Féile na Gealaí 2021 a reáchtáil ar an 11-13 Meitheamh 2021 sa bhaile Gaeltachta.
Beidh “oíche mhór cheoil” ar siúl in Áras Pobail Ráth Chairn ar an 19 Méan Fómhair agus eiseofar tuilleadh eolais faoin imeacht sin amach anseo.
Tá Féile na Gealaí á reáchtáil i Ráth Chairn le cúig bliana anuas agus bhí ceiliúradh mór beartaithe don bhliain seo, an cúigiú bliain den fhéile. Áirítear an fhéile i measc na bhféilte is fearr i saol na Gaeilge agus bíonn an-tóir ar thicéid bliain i ndiaidh bliana.