Scoil Cheoil an Earraigh, Corca Dhuibhne 22-24 Feabhra 2019
Tá imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh ar bun anois ón gCéadaoin, más ea, níl deireadh ag teacht leis an éagsúlacht agus réimse leathan ócáidí. Anocht beidh The Friels, Liz Carroll, Cárthach Mac Craith, Róisín Ní Mhainín, i measc eile, ar stáitse Halla na Feothanaí. Ar an ardán céanna Dé Sathairn bí ag súil le Steve Cooney agus Tim Edey, Nell Ní Chróinín, Dermot McLaughlin agus Páraic Mac Donnacha, mar aon le scata eile.
I gcaitheamh an lae beidh lucht freastail in ann a bheith gafa le ceardlanna ceoil agus rince, ciorcal comhrá, seisiúin oscailte ceoil agus fiú léacht béaloidis, a thabharfaidh Pádraig Ó Héalaí ar an mBuailtín.
Ar an nDomhnach beidh Peadar Ó Riada agus Cór Chúil Aodha i láthair ag Aifreann Dé óna 10 ar maidin agus tá seisiún amhránaíochta i dTigh an tSaorsaigh ar chlár an Domhnaigh chomh maith. Déanfaidh sé ana-dheireadh seachtaine i gCorca Dhuibhne!
Gugalaí Gug, An Taibhdhearc, Dé Sathairn 23 Feabhra @ 11:00
Tá an fhéile chultúir Mother Tongues ar siúl faoi láthair sa Ghaillimh, agus go leor léite agam faoi le cúpla seachtain. Tá cuma bhreá ar an gclár agus guím na haon rath air!
Ócáid amháin atá liostáilte agus a thaitneoidh le léitheoirí NÓS, gach seans, ná Gugalaí Gug Beo, a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc Dé Sathairn. Ócáid í seo atá dírithe ar leanaí atá idir 6 agus 9 mbliana d’aois. Tadhg Mac Dhonnagáin a chuirfidh i láthair an t-imeacht, a bheidh bunaithe ar leabhair atá foilsithe ag a chomhlacht Futa Fata, (na hamhráin agus rannta sna leabhair agus ar na dlúthdhioscaí atá eisithe le blianta beaga anuas ach go háirithe). Seó spraíúil don dteaghlach ar fad atá geallta!
Beidh a thuilleadh imeachtaí fós ar siúl mar chuid den bhféile Mother Tongues, nuair a leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo chugainn.
Lá Mór Rince, Ionad an Dr. Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Corcaigh, Dé Sathairn 23 Feabhra óna 14:00
Beidh cad é rince ar siúl i mBaile Bhuirne Dé Sathairn i rith an lae ar fad! Ríonach Ní Néill a bheidh i mbun ceardlann do dhaoine fásta (+50) óna 14:00.
Taispeánfar I Modh Rúin ina dhiaidh sin, gearrscannán ina bhfiosraíonn Ríonach na cúiseanna gur bheartaigh mná a mhair lasmuigh den Ghaeltacht, a gcuid leanaí a thógaint le Gaeilge. Cúigear atá sa scannán, a nascann agallaimh le rince agus ceol.
Tráthnóna óna 16:00 beidh taispeántas rince le déagóirí an cheantair le feiscint.
Saorchead isteach, ach clárú. Chun sin a dhéanamh déan teagmháil le rinceoir cónaitheach an Ionaid, Siobhán Ní Dhuinnín: siobhannidhuinnin@gmail.com
Drink & Draw, Club an Chonartha, Dé Céadaoin 27 Feabhra @ 20:00
Is éard atá i gceist le Drink & Draw, ná ócáid a thugann daoine a bhfuil spéis acu a bheith cruthaitheach agus sóisialta le chéile. Is i gClub Chonradh na Gaeilge a bheidh a leithéid ar siúl Dé Céadaoin beag seo. Ní gá duit d’uirlisí a bhreith leat, tugann an lucht eagraithe duit iad. Le linn do cheol a bheith á sheinm, is féidir leat deoch a ól agus pictiúr a tharraingt/phéinteáil. Tugann tú abhaile leat do phictiúr ag deireadh na hoíche!
Bíonn babhta faoi leith ina gcuirtear béim ar luas a bheith fút agus tú ag tabhairt faoi, ag braith ar an stíl cheoil atá le clos agus tú i mbun ealaíne! Tá líon na ndaoine gur féidir glacadh leo chuige seo, teoranta. Téir go Eventbrite chun ticéad a cheannach anois!
Maidir le Pop Up Gaeltacht na seachtaine seo…. gheobhaidh sibh comhluadar Gaelach sna háiteanna seo, ar na laethanta seo a leanas:
Post Match Gaeltacht (tar éis chluiche Átha Cliath V Maigh Eo), tábhairne Piper’s Corner, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 23 Feabhra @ 20:30;
Dé Luain seo chugainn (25 Feabhra) i mBéal Feirste, beidh lucht labhartha na teanga sa Hatfield House, 130 Bóthar Ormeau, (eagraithe ag an gCumann Gaelach QUB);
Tábhairne nua i mBaile Átha Cliath ar Shráid Parnell é The Big Romance, agus tá sé roghnaithe ag Osgur agus Peadar mar ionad do Phreab Ghaeltacht na míosa seo i mBÁC, Déardaoin 28 Feabhra óna 20:00;