Thatchers of the Acropolis / An Cultúrlann, Béal Feirste, Déardaoin 16 Samhain @ 21:00
Ná déanaigí dearúd, mar a luaigh mé libh an tseachtain seo caite, beidh Thatchers of the Acropolis ag seinnt sa Chultúrlann anocht!
Bígí ag súil lena gcuid rithimí sonacha, dánaíocht is sean-nós focáilte suas, mar go mbeidh siad á roinnt le muintir Bhéal Feirste óna 9in anocht.
Danú / Ard Mhacha, Dé hAoine 17 Samhain & Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne Dé Sathairn 18 Samhain
Is gearr go mbeidh an banna ceoil Danú ag tabhairt faoi chamchuairt ar na Stáit Aontaithe, áit a mbeidh siad le linn na míosa seo chugainn, Mí Feabhra agus Mí an Mhárta 2018.
Roimhe sin áfach, tá dhá choirm le bheith acu níos cóngaraí don mbaile.
Is in Ard Mhacha a bheidh siad tráthnóna Aoine, ag seinnt mar chuid d’Fhéile Phíobaireachta William Kennedy, agus is ar a fód féin a bheidh Nell Ní Chróinín agus baill eile an bhanna Dé Sathairn nuair a thabharfaidh siad faoin stáitse san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, Contae Chorcaí.
Pop Up Gaeltachtaí / Kevin’s Bar, Lios Tuathail & Tábhairne Cleere’s, Cill Channaigh, Dé hAoine 17 Samhain
Tá dhá Phreab-Ghaeltacht beartaithe don Aoine bheag seo, i gcontaetha agus i gcúigí éagsúla na tíre.
I gCiarraí i Lios Tuathail tá faobhar faoi lucht eagraithe na n-oícheanta sóisialta seo, gan stop ar bith leo, agus ócáid mhí na Samhna socraithe acu do thábhairne Kevin’s Bar sa bhaile amárach.
Is i dtábhairne Cleere’s i gCill Channaigh a bheidh lucht labhartha na Gaeilge ag teacht le chéile chomh maith, óna 8:30in ar aghaidh. Ádh mór leo!
Féile na Mí / Ráth Chairn, An Mhí, 17 – 18 Samhain
Má tá uaigneas agus cumha oraibh tar éis Oireachtas na Samhna i gCill Airne, tá leigheas na faidhbe agam daoibh!
Féile na Mí, i Ráth Chairn na Gréine!
Is ann a bheidh an chraic agus an spraoi an deireadh seachtaine seo mar go mbeidh imeachtaí go leor ar bun ann.
Seachas comórtais amhránaíochta agus rince, seisiún cheoil agus bia blasta, glac uaim é, bíonn atmaisféar iontach bríomhar, craiceáilte, le brath thíos ann.
Daoine maithe fáiltiúla agus rian beag de spiorad an Oireachtais i mo thuairim féin!
Fíochán Filí / Tigh Bhric, Corca Dhuibhne, Dé Sathairn 18 Samhain @ 21:00
Is minic mé ag trácht ar an tsraith Fíochán Filí ar an leathanach seo.
Sraith d’ócáidí filíochta eagraithe ag lucht Lab an Daingin, a thugann filí ó chúlraí éagsúla le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar thraidisiún sean-bhunaithe Gaeltachta na filíochta agus ar an bhfás atá ag teacht ar thraidisiún nuálach cathrach na Gaeilge.
Beidh an ócáid dheireanach sa tsraith ar bun Dé Sathairn beag seo i dTigh Bhric, ar an Riasc i gCorca Dhuibhne.
Is ann a bheidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Mícheál Ó hUanacháin agus Doireann Ní Ghríofa i mbun aithrise ar a gcuid filíochta.
Ócáid álainn, gan aon chostas iontrála!
Aonach na Nollag / Colaiste Íosagáin / Eoin, Baile an Bhóthair, BÁC, Dé Domhaigh 19 Samhain @ 13:00
Beidh Aonach na Nollag ar siúl an deireadh seachtaine seo i gColáiste Íosagáin / Eoin ar Bhóthar Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath.
Uair sa bhliain is sea a bhíonn an díolachán seo ar mhaithe na scoile ar siúl.
Beidh leabhair, cístí agus nithe eile nach iad ar díol i gcaitheamh an lae agus beidh deis acu siúd a bheidh i láthair triail a bhaint as Roth an Áidh agus Roth na mBuidéal chomh maith.
Léirigh do chuid tacaíochta don scoil agus lucht na scoile ar an Domhnach agus bain súp as atmaisféar an tséasúir agus as an gcomhluadar chomh maith!
The Exonerated / Town Hall Theatre, Gaillimh, Dé Domhnaigh 19 Samhain @ 15:00
Don dara huair ariamh in Éirinn beidh deis ag daoine an dráma The Exonerated a fheiscint.
Seo dráma a dhéanann cur síos ar shaol seisir a scaoileadh saor ó chillíní an bháis.
I measc na ndaoine a bheidh ag glacadh rólanna aisteoireachta, beidh Sunny Jacobs agus Peter Pringle, beirt a bhí daortha chun báis i rith a saoil ar choireanna nár dheineadar.
Tá an bheirt anois ag cur fúthu i gConamara le tamall de bhlianta agus iad i mbun The Sunny Center, ionad athshlánaithe dóibh siúd a cuireadh i bpríosún ar chúiseanna nár bhain go díreach leo.
Is féidir ticéid a cheannach chuig leagan drámatúil an scéil spéisiúil seo ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo.