Féile na Mí, Ráth Chairn, Co. na Mí 16-18 Samhain
Comhghairdeas le lucht eagraithe Fhéile na Mí, bliain i ndiaidh bliana eagraítear an ócáid bhliantúil seo lár tíre agus tá amhlaidh déanta le 40 bliain anuas anois. Tá ceiliúradh tuillte acu! Táim ag súil go mór le bheith i láthair agus imeachtaí an deireadh seachtaine faoi lán seoil ann sa Bhradán Feasa agus i Halla an Phobail. Beidh comórtais amhránaíochta, rince agus fiú comórtas bodhráin ar bun. Ní hamháin sin ach beidh coirm ag Cór Fear na nDéise ann anocht agus is iad Na Hot Toddies agus Dó Fá Dó a bheidh ag seinnt ag Club na Féile amárach. Gura fada buan iad.
Ye Vagabonds, Leo’s Tavern, Mín na Leice, Dún na nGall, Dé hAoine 16 Samhain @ 22:00
Tá an banna Ye Vagabonds ag dul ó neart go neart. Bhíodar ar ghearrliosta na nGradam Folk a d’eagraigh RTÉ Radio One le déanaí. Ainneoin nár éirigh leo gradam a fháil ar an oíche, ba léir go bhfuil tionchar mór tar éis a bheith acu ar an seánra sin. Go deimhin bhíodar ag seinnt d’Uachtarán na tíre ag a ócáid insealbhaithe an deireadh seachtaine seo caite. Is fan é Michael D. agus is fan mé féin chomh maith. Beidh siad i nDún na nGall anocht ag an imeacht rialta, Club Beo i dTigh Leo, Mín na Leice. Beidh siad ag seinnt ann óna 10:00!
Seoladh Fuascailt an Iriseora, le Michelle Nic Pháidín, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn 17 Samhain @ 13:00
Seolfar an leabhar is déanaí ó pheann an údair Michelle Nic Pháidín i rith an lae amárach. Fuascailt an Iriseora an teideal atá air agus is sa Chultúrlann i mBéal Feirste a bheidh ócáid an tseolta ar siúl. Is faoi Bhríd Ó Gallchóir, Stiúrthóir Ealaíne Aisling Ghéar a bheidh an cúram sin agus is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheidh mar fhear an tí. Beidh fíon agus sólaistí ar fáil chomh maith. Comhghairdeas ó chroí le Michelle as an leabhar seo atá, dála an scéil, ar an ngearrliosta do ghradaim leabhar An Post — do leabhar Gaeilge na bliana. Ádh mór léi agus leis na héinne eile atá ainmnithe.
Oíche Chuimhneacháin do Sheosamh Ó Conchúir, Club Chonradh na Gaeilge, Dé Sathairn 17 Samhain @ 20:00
Tháinig an scéala chugainn cúpla seachtain ó shin go raibh Seosamh Ó Conchúir imithe ar shlí na fírinne. Fear an bheáir i gClub Chonradh na Gaeilge le fada agus iarbhainisteoir an chlub. Is ón ról sin a bheadh cur amach ag cuid mhaith do léitheoirí NÓS air. Ní hamháin sin ach ba ealaíontóir, amhránaí, fear seoigh agus cara é le mórán daoine. Déanfar ceiliúradh ar a shaol sa áit a chur go leor againn aithne air, thíos staighre in uimhir 6 Sráid Fhearchair amárach ag oíche chuimhneacháin. Beidh a chairde agus a mhuintir i láthair agus baileofar airgead d’Ospís Chros Araild le linn an imeachta. Fáilte roimh dhaoine le Gaeilge nó Béarla ar an oíche oscailte seo.
Dearmad na Fola, Amharclann na Taibhdheirce, An Ghaillimh, Dé Sathairn 17 Samhain @ 20:00
Tá Aisteoirí Bulfin le bheith ar stáitse arís! Bhíodar le feiscint le tamall anuas in Amharclann Smock Alley na hArdchathrach agus in Amharclann an Oireachtais i gCill Airne leis an dráma Dearmad na Fola. Beidh deis amháin eile agaibh iad a fheiscint i mbun aicsin istoíche amárach i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Seo saothar Aoidh Uí Dhomhnaill, a cailleadh le linn do na haisteoirí a bheith ag cleachtadh an dráma seo. Leanadar orthu, ainneoin cé chomh deacair is a bhí sé orthu sin a dhéanamh agus tá moladh tuilte acu dar liom dá bharr. Is amárach óna 20:00 a bheidh siad le feiscint ar ardán Amharclann Náisiúnta na hÉireann. Brisigí cos a chomrádaithe.