Féile na Ruachta

Beidh Emma Ní Chearúil i measc na ndaoine rua a bheas ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh an deireadh seachtaine seo don imeacht is tábhachtaí san fhéilire rua, An Tionól Rua. 

Labhair sí leis na díograiseoirí ceanndearga atá ag eagrú na féile le níos mó eolais a fháil uirthi.


Le cúpla bliain anuas tá fás agus forbairt tar éis teacht ar roinnt mhaith féilte beaga ar fud na tíre.

Chuir mé féin spéis i gceann faoi leith i ndeisceart na tíre áfach – ceann atá suntasach óir is féile do dhaoine rua atá inti!

Cuireadh tús leis an Tionól Rua os cionn 7 mbliana ó shin nuair a tháinig clann agus cairde rua le chéile i dteach tábhairne i mBun an Tábhairne, Corcaigh.

Anois is féile dheireadh seachtaine í ar a bhfreastalaíonn daoine rua ó chuile chearn den domhan!

Ceiliúradh ar ghruaig rua agus ar na tréithe ar fad a bhaineann léi atá san fhéile seo, a thugann deis do dhaoine rua bualadh le chéile, foghlaim faoina n-oidhreacht agus beagán spraoi a bheith acu i gcomhluadar rua!

Tá thart ar chaoga duine ag obair ar bhonn deonach faoi stiúir Joleen agus Denis Cronin leis an deireadh seachtaine a eagrú i mbliana.

Ag labhairt le NÓS di, dúirt Joleen go bhfuil siad ag tnúth go mór leis an imeacht agus go bhfuil siad iontach sásta leis an bpobal atá ag fás chuile bhliain.

”Is álainn an rud é go bhfuil daoine ag teacht le chéile, ag cur aithne ar a chéile agus ag teacht ar ais bliain i ndiaidh bliana,” ar Joleen.

“Is dócha go bhfuil tréith chomónta againn ar fad, ach is deas go dtarraingíonn an fhéile le chéile sinn agus go bhfuil pobal ag eascairt uaithi.”

Is imeachtaí spraíúla le téamaí ‘rua’ a bheidh ar an gclár, le chuile shórt ón gCéilí Rua is Mó Riamh, Caitheamh na gCairéad agus Lámhacán Dearg, ina mbíonn iomaitheoirí ag dul thart ar na tithe tábhairne áitiúla agus iad thíos ar na ceithre boinn.

Beidh seó ann le draíodóir rua agus ceol le leithéidí Orla Gartland, na Ukuladies agus Ginger Nutz, a bhfuil foilt mhóra mhealltacha orthu ar fad.

Anuas ar an scléip, beidh stair na ruadhán á plé i gceardlann Dé Sathairn agus beidh taispeántas ealaíne le feiceáil le linn na féile dírithe go huile is go hiomlán ar dhaoine a bhfuil gruaig rua orthu.

Beidh comórtas ann freisin chun Banríon agus Rí na nDaoine Rua a roghnú, chomh maith le neart catagóirí eile, an chlann rua, an fhéasóg rua agus an madra rua is fearr ina measc!

red hair banraion

Fiú munar duine rua thú, cuirfear fáilte romhat ag an bhféile seo. Tá lánchead ag duine ar bith freastal ar Chomhdháil na Ruadhán agus tugtar teastas speisialta fiú dóibh siúd a thagann le tacú lena gcairde rua.

Is féidir leo páirt a ghlacadh sna himeachtaí freisin, go háirithe i dTarraingt na Téide idir foireann na ruadhán agus an chuid eile den domhan.

“Tá lán fáilte roimh chuile dhuine,” a deir Joleen atá i mbun an fhéile a stiúradh. “Is lá iontach é do chlanna agus bíonn atmaisféar iontach cairdiúil san áit.”

Tá Joleen ag iarraidh ar dhaoine iarracht a dhéanamh “cur leis an spiorad rua” toisc go gcuireann sé leis an spraoi.

“Déanann an pobal áitiúil an-iarracht ar fad. Tagann chuile dhuine le bréagfholt orthu nó bréagdhath ina gcuid gruaige. Is mór an spórt é!”

Tá ticéid don fhéile ar fáil ag redheadconvention.com agus tá 20% de chostas chuile thicéid á bhronnadh ar Chumann Ailse na hÉireann.

Deir Joleen go bhfuil an Chomhdháil iontach bródúil as a nasc leis an gCumann Ailse.

“Mar dhaoine rua, caithfimidne go háirithe a bheith cúramach faoin ngrian, ach táimid ag iarraidh aird a tharraingt ar shláinte chraicinn do chuile dhuine agus beidh béim á cur againn air sin ag an bhféile.” Go dtí seo tá os cionn €30,000 tiomsaithe ag Comhdháil na Ruadhán ar son Chumann Ailse na hÉireann.

Mar sin, más duine rua thú atá bródúil as do mhoing agus atá ag iarraidh í a cheiliúradh, nó más duine thú a dtaitníonn ruadháin leat, bí i láthair i mBun na Tábhairne ón Aoine go dtí an Domhnach beag seo, 19-21 Lúnasa, le bheith páirteach sa Chomhdháil agus le castáil leis na daoine rua a bheidh ag taisteal de chéin is de chóngar lena gcuid gruaige a cheiliúradh!

SCÉALTA EILE