An Domhnach beag seo, i ndúiche na Niallach, cuirfear tús le ceiliúradh ar leith ar oidhreacht Ghaelach Thír Eoghain.
Féile Pheadair Joe Haughey is teideal don teacht le chéile speisialta seo atá á reáchtáil ar an Chreagán i dTír Eoghain.
Bhí Peadar Joe Ó hEochaidh ar dhuine de na Gaeilgeoirí deireanacha i gCo.Thír Eoghain agus tá Scoil Samhraidh Pheadair Joe á reáchtáil ag a gharmhac, Proinsias Ó Cléirigh, le deich mbliana anuas chun saol Pheadair Joe agus oidhreacht shaibhir Mhuintir Luinigh a cheiliúradh.
Mar chuid den fhéile i mbliana, a bheas a reáchtáil 16-23 Deireadh Fómhair, beidh dianchúrsaí Gaeilge, léachtaí, ceardlanna, lá spraoi do pháistí, scoth an cheoil agus turais thart fá cheantar Mhuintir Luinigh.
‘Muintir Luinigh’ an sean-ainm Gaelach a bhí ar na paróistí Both Domhnaigh agus An Caisleán Glas, atá suite i gcomharsanacht an Speirín i gContae Thír Eoghain.
Seans go gcuirfeadh sé iontas ort a láidre is a bhí an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach ann.
Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge fós beo ag tús na 1970í.
Taobh amuigh de Thír Chonaill, is i gceantair Mhuintir Luinigh i dTír Eoghain a ba mhó a mhair an Ghaeilge sa chúige.
Scríobhadh in alt a foilsíodh san ‘Irish Weekly’ i mí Eanáir 1913 gur cúis iontais é go raibh an Ghaeilge agus an ceol traidisiúnta i mbláth a maitheasa i lár Uladh.
“It is a matter of surprise to find the Irish tongue and Irish music surviving with such vigour in the heart of Ulster, and surrounded by the people of the plantation.”
Nuair a bhí an bailitheoir béaloidis aitheanta Éamonn Ó Tuathail ag bailiú ábhair ó chainteoirí Gaeilge i dTír Eoghain in 1933, bhí an Ghaeilge in úsáid go coitianta i measc na seandaoine i Muintir Luinigh.
An t-am sin, bhíodh cuid mhór daoine as Gaeltacht Thír Chonaill ar fostú i dTír Eoghain agus chuaigh siad i bhfeidhm ar an Ghaeilge agus ar na nósanna Gaelacha a bhí fréamhaithe sa cheantar cheana féin.
Cuireann Pádraig Ó Baoighill síos ar bhreis agus 20 duine as Dún na nGall ina leabhar iontach Padaí Láidir Mac Culadh agus Gaeltacht Thír Eoghain, agus ar 25 cainteoir Gaeilge as Tír Eoghain féin, Peadar Joe Ó hEochaidh ina measc.
Ó thaobh na canúna de, tá na sainchomharthaí a shamhlaítear le canúint Uladh le brath i measc chainteoirí Thír Eoghain a taifeadadh sa 20ú aois.
Cuireadh béim ar chéad siolla focail, rinneadh giorrú ar ghutaí neamhaiceanta agus bhí an mhír dhiúltach “cha” in úsáid acu go minic chomh maith.
Thabharfá tréithe áille eile faoi deara a bhain le canúint Thír Eoghain ach cluas a thabhairt leis na taifid, atá ar fáil sa dlúthdhiosca a ghabhann le leabhar Uí Bhaoighill agus sa chnuasach Ulster Gaelic Voices: Bailiúchán Doegen 1931 le Róise Ní Bhaoill.
Bhí an claonadh láidir ‘d’ a rá mar ‘t’ (déan > téan) mar shampla, ‘g’ i chur áit ‘c’ nuair ‘sc’ a bheadh sna canúintí eile (scéal > sgéal) agus rinneadh ‘é’ > ‘í’ (Éamonn > Íomann/mé féin > mé hín), nós a bhí cóngarach do Ghaeilge na hAlban.
Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoin Ghaeilge bhinn a mhair i dTír Eoghain agus cultúr láidir Gaelach an cheantair, cuirfear fearadh na fáilte romhat chuig imeachtaí iontacha uile Fhéile Pheadair Joe Haughey, a bheas ar siúl sa Chreagán, idir 16-23 Deireadh Fómhair.
Muintir Luinigh abú!
Caithigí súil ar clár na féile anseo!